Coimisinéir Eorpach
Liosta | Liosta de Choimisinéirí an AE |
---|
Is éard is Coimisinéir Eorpach ann ná duine atá mar bhall den Choimisiún Eorpach. Tá ball as gach ballstát den Aontas ar an gCoimisiún, rud a chiallaíonn go bhfuil 27 coimisinéirí páirteach ann. Tá tuarastal €300,000 (saor ó cháin) in aghaidh na bliana ar dul leis an bpost.[1]
Ceapachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maireann téarma an Choimisiúin cúig bliana. Caitheann gach ballstáit an Aontais Eorpaigh a Choimisinéir(í) féin a ainmniú roimh chruinniú mullaigh den Chomhairle Eorpach. Níl iontu ach ainmniúcháin, ámh, mar go gcaithfidh Parlaimint na hEorpa gach ceann acu a cheadú sular féidir aon duine a cheapadh.[2] Tá na Coimisinéirí freagrach do Pharlaimint na hEorpa.
Reachtaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é príomhchúram na gCoimisinéirí polasaithe a mholadh agus a chur i bhfeidhm. Seolann an Coimisinéir Eorpach cuí dréacht-mholtaí na reachtaíochta chuig na coistí i bParlaimint na hEorpa ; scrúdaíonn siad na rialacha atá beartaithe agus mholann siad leasuithe. Má tá Coimisinéir ag iarraidh reachtaíocht a thabhairt isteach, cuirtear an dréacht faoi bhráid an choiste a dhéanfaidh an cinneadh a scrúdú agus leasuithe a chur chun cinn.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-25). Dáta rochtana: 2024-06-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-24). "Ainmniúchán Michael McGrath mar Choimisnéir Eorpach le plé inniu" (as ga-IE).
- ↑ Muiris O'Cearbhaill (2024-06-01). "‘Ispíní a dhéanamh’: Cad is FPE ann agus cad a dhéanann siad?" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2024-06-24.