An Chongóis
kikongo | |
---|---|
Cineál | teanga, macraitheanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 5,016,500 |
Stáit | Poblacht an Chongó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus Angóla |
![]() | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna Nígir-Congó Atlantach-Congó Volta-Congó Benue–Congo (en) ![]() Bantóideach Bantóideach Deisceartach Bantúch Central-Western Bantu (en) ![]() Dingic languages (en) ![]() Kongo-Yaka-Sira (en) ![]() | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Cóid | |
ISO 639-1 | kg |
ISO 639-2 | kon |
ISO 639-3 | kon |
Glottolog | core1256 |
Ethnologue | kon |
IETF | kg |
Tá an Chongóis ar cheann de na teangacha Bantúise a labhraíonn an grúpa eitneach a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, i bPoblacht an Chongó, i Angóla agus sa Ghabúin. Is teanga tonúil í. Bhí sí á labhairt ag go leor acu siúd a tógadh ón réigiún agus a díoladh mar sclábhaithe i Meiriceá. Ar an ábhar sin, cé go bhfuil An Chongóis fós á labhairt sna tíortha thuasluaite, tá foirmeacha criólaithe den teanga le fáil i gcaint dheasghnách na reiligiúin Afra-Mheiriceánacha, go háirithe sa Bhrasaíl, i gCúba, i bPórtó Ríce, sa Phoblacht Dhoiminiceach agus i Háítí. Tá sí freisin ar cheann d'foinsí an Ghullá agus an Phalenquero, teanga chriólach na Colóime. Cónaíonn formhór mór cainteoirí an lae inniu san Afraic. Tá timpeall seacht milliún cainteoir dúchais na Congóise ann, agus b’fhéidir dhá mhilliún eile a úsáideann í mar dhara teanga .