An Chirgisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Chirgisis
Кыргыз тили agus кыргызча‎
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais4,568,480 (2009)
Dúchasach doXinjiang, an Chirgeastáin agus Gorno-Badakhshan Autonomous Region (en) Aistrigh
StáitDaon-Phoblacht na Síne, an Chirgeastáin agus an Táidsíceastáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
teangacha Altaecha
teangacha Tuircice
Common Turkic (en) Aistrigh
Kipchak (en) Aistrigh
Kyrgyz–Kipchak (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach agus aibítir Arabach
Cóid
ISO 639-1ky
ISO 639-2kir
ISO 639-3kir
Glottologkirg1245
Ethnologuekir
IETFky
Ceantar na Cirgiseoraí

Is í an Chirgisis (кыргызча, قىرعىزچه, kyrgyzcha nó кыргыз тили, قىرعىز تيلى, kyrgyz tili) an teanga stáit a labhraítear sa Chirgeastáin. Teanga Thurcach atá ann, agus í gaolmhar leis na teangacha a labhraítear san Úisbéiceastáin, sa Chasacstáin, sa Tuircméanastáin, san Asarbaiseáin agus sa Tuirc. Is grúpa eitneach Áiseach iad na Cirgeasaigh. Is í an Chirgisis a bpríomhtheanga. Is í an Chirgisis "teanga stáit" na Cirgeastáine, ach san am céanna, is í an Rúisis an "teanga oifigiúil".

Is í an Rúisis an teanga uirbeach sna cathracha sa Chirgeastáin. Ní labhraíonn a lán daoine Cirgeasacha an Chirgisis, i measc na ndaoine óga go háirithe mar is é an Rúisis an phríomhtheanga sna príomhchathracha.

Foghareolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gutaí sa Chirgisis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaigh Cúil
Neamhchuimsitheach Cuimsitheach Neamhchuimsitheach Cuimsitheach
Neas i y ɯ u
Lár e ø o
Oscailte a ɑ

Consain sa Chirgisis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Béalach Déadach/Ailbheolach Iarailbheolach Droma
Srónach m n ŋ
Pléascach Neamhghlórach p t k
Glórach b d ɡ
Cuimilteach  Neamhghlórach (f) s ʃ (x)
Glórach (v) z
Faiceasach l j
Crá r

Úsáidtear (f), (v) agus (x) i bhfocail iasachta amháin.

Aibítir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Méarchlár an Chirgisis

Úsáidtear an aibítir Choireallach sa Chirgeastáín, is é sin aibítir na Rúisise móide na litreacha ң, ө, agus ү.

Úsáidtear an aibítir Araibeach san Úirtheorainn, sa tSín.

Cé nach bhfuíl aon aibítir Rómhánach oifigiúil i gcomhair na Cirgisise, scríobhtar téacsanna áirithe san aibítir Tuircise, leis na litreacha breise "ñ" /ŋ/ agus "q" /q/.

Coireallach Araibeach Rómhánach Gaeilge
Бардык адамдар өз беделинде жана укуктарында эркин жана тең укуктуу болуп жаралат. Алардын аң-сезими менен абийири бар жана бири-бирине бир туугандык мамиле кылууга тийиш. باردىق ادامدار ۅز بەدەلىندە جانا ۇقۇقتارىندا ەركىن جانا تەڭ ۇقۇقتۇۇ بولۇپ جارالات.۔ الاردىن اڭ-سەزىمى مەنەن ابئيىرى بار جانا بئرى-بئرىنە بئر تۇۇعاندىق مامئلە قىلۇۇعا تئيىش. Bardıq adamdar öz bedelinde cana uquqtarında erkin cana teñ uquqtuu bolup caralat. Alardın añ-sezimi menen abiyiri bar cana biri-birine bir tuuğandıq mamile qıluuğa tiyiş. Saolaítear na daoine uile saor agus comhionann ina ndínit agus ina gcearta. Tá bua an réasúin agus an choinsiasa acu agus dlíd iad féin d'iompar de mheon bráithreachais i leith a chéile.

Deilbhíocht agus comhréir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Córas na dtuiseal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 6 tuiseal sa Chirgisis. Braitheann an sórt foirceann ar chomhcheol na nguta agus na consain in aice leis.

Tuiseal Cruithí Féideartha "bád" "aer" "buicéad" "lámh" "ceann" "salann" "súil"
Ainmneach кеме аба челек кол баш туз көз
Ginideach -нын, -нин, -дын, -дин, -тын, -тин, -нун, -нүн, -дун, -дүн, -тун, -түн кеменин абанын челектин колдун баштын туздун көздүн
Tabharthach -га, -ка, -ге, -ке, -го, -ко, -гө, -кө кемеге абага челекке колго башка тузга көзгө
Cuspóireach -ны, -ни, -ды, -ди, -ты, -ти, -ну, -нү, -ду, -дү, -ту, -тү кемени абаны челекти колду башты тузду көздү
Áitreabhach -да, -де, -та, -те, -до, -дө, -то, -тө кемеде абада челекте колдо башта тузда көздө
Ochslaíoch -дан, -ден, -тан, -тен, -дон, -дөн, -тон, -төн кемеден абадан челектен колдон баштан туздан көздөн

Forainmneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 8 forainmneacha pearsanta ag Cirgisis:

Forainmneacha Pearsanta
Uatha Iolra
An Chirgisis (traslitriú) An Ghaeilge An Chirgisis (traslitriú) An Ghaeilge
Мен (Men) Биз (Biz) Sinn
Сен (Sen) Tú (neamhfhoirmeálta) Силер (Siler) Sibh (neamhfhoirmeálta)
Сиз (Siz) Tú (foirmeálta) Сиздер (Sizder) Sibh (foirmeálta)
Ал (Al) Sé/Sí Алар (Alar) Siad
Díochlaonadh na bhForaimneacha (Díochlaonadh Neamhrialta i gcló trom)
Uatha Iolra
2ú nfrm 2ú frm 1ua 2ú nfrm 2ú frm
Anm мен сен сиз ал биз силер сиздер алар
Cus мени сени сизди аны бизди силерди сиздерди аларды
Gin менин сенин сиздин анын биздин силердин сиздердин алардын
Tab мага сага сизге ага бизге силерге сиздерге аларга
Áit менде сенде сизде анда бизде силерде сиздерде аларда
Och менден сенден сизден андан бизден силерден сиздерден алардан

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]