Aibítir Laidineach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aibítir Rómhánach)
WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaAibítir Laidineach
Abecedarium.png
Cineál córas scríofa agus script nádúrtha
Cruthú 7 century "BCE"
Bunaithe ar Old Italic (en) Aistrigh
Stair history of the Latin alphabet (en) Aistrigh
ISO 15924 Latn (215)
Treo téacs clé go deas
Raon Unicode U+02B0-02FF,U+1D80-1DBF,U+2070-209F,U+2100-214F,U+2150-218F,U+FF21-FF5A, U+0041-007A, U+00C0-00FF, U+0100-017F, U+0180-024F, U+0250-02AF, U+1D00-1DBF, U+1E00-1EFF, U+2C60-2C7F, U+A720-A7FF, U+AB30-AB6F agus U+FB00-FB06
Léarscáil dáileacháin
Latin alphabet world distribution.svg

Is í an aibítir Laidineach (nó an aibítir Rómhánach) an córas scríbhneoireachta aibítreach is mó in úsáid ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Tá 26 litir sa bhun-aibítir, agus úsáidtear é, le roinnt modhnuithe, sa chuid is mó de theangacha na hEorpa (roinnt tíortha Oir-Eorpach in easnamh), i Meiriceá Thuaidh agus Theas, san Afraic Fo-Sahárach, agus in oileáin an Aigéin Chiúin.

Litreacha
A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V X Y Z
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v x y z

Baintear úsáid as litreacha eile freisin i dteangacha éagsúla, m.sh. w i mBéarla agus Gearmáinis.

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo an chéad aibítir Laidine a bhí ann A, B, C, D, E, F, H, I, K, L, M, N, O, P, Q, R, S, T, V, X. Cuireadh Y agus Z leis ar ball chun fuaimeanna ó theangacha eile a chur leis.

Nuair a cruthaíodh an aibítir Angla-Shacsanach bhí litreacha uile na Laidine ón am sin i gceist. Mar sin féin cuid de na litreacha atá sa Bhéarla anois níor tháinig siad isteach sa teanga sin ach le déanaí. An litir is déanaí a tháinig isteach ná ‘J’ nó ‘I’ agus eirbeall air. Úsáideadh ‘I’ agus ‘J’ araon don litir chéanna agus níor glacadh le ‘J’ in aibítir an Bhéarla go dtí an naoú céad déag féin.