An Chéad Chathlán Coisithe
Sonraí | |
---|---|
Cineál | cathlán |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1924 |
Rialachas corparáideach | |
Cuid de | Óglaigh na hÉireann |
Bunaíodh an Chéad Chathlán Coisithe mar aonad Gaeilge de chuid Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1924. I Mí Iúil 1924 roinneadh an tArm ina naoi mBriogáid agus seacht gcathlán is fiche iontu. Síleadh go raibh tábhacht ar leith leis an gCéad Chathlán chun úsáid na Gaeilge a threisiú.[1].
Bunaíodh An Chéad Chathlán Coisithe i mí an Mheitheamh 1924 nuair a bhí céad cainteoirí cruinnithe i mbeairic Gough i gCampa an Churraigh faoi cheannas Captaen Michael Fogarty agus ainmnithe an “No 1 (Irish-speaking) Battalion.” Ina dhiaidh sin, d’aistrigh an chath go dtí na Hibernian Schools i bPáirc an Fhoinnuisce. Aoi ab ea Padraic Ó Conaire ag an am seo; d’fhoilsigh sé daichead altanna faoin cath sa nuachtán míleata, An t-Óglach [2] (bailithe le chéile i mar leabhar i 1941 [3] )
I mí Aibreáin 1925, bhog an cath go Baile Átha Luaine agus shroich siad Dún na Rinne Móire i gcathair na Gaillimhe an mhí ina dhiaidh sin. Rinneadh damáiste do cuid de foirgnimh san beairic seo i rith Chogadh na gCarad. Cé nach raibh níos mó dha chéad saighdiúirí san chath ag an am seo, tháinig cuid is mó de hearcach nua as Conamara agus as Oileáin Árann. Tháinig na cuid eile as ceantar Gaeltachta i Mumhan agus Dún na nGall. Rinneadh riarachán agus traenáil as Gaeilge. Ghlac an cath páirt sa shaol chultúrtha agus shóisialta sa chathair, go háirithe maidir leis An Taibhdhearc tar éis a bunaíodh í sa bhliain 1928. D’éirigh leis an bhfoireann tarraingt na téide agus foireann rámhaíocht sa comórtas éagsúla agus bunaíodh an banna píob sa bhliain 1930.
Nuair a thosaigh An Éigeandáil i 1939, ghlac an cath páirt in iobríochtaí ina dhiaidh an ruathar IRA ar Dún na hArmlainne. I 1940, d’fhág an cath Dún na Rinne Móire agus ghabh siad seilbh ar Teach Dhún Sandail, Teach Pallas i dTíne, Caisleán Loch Cútra, Teach Chill Chobhráin agus Teach Caisleán an Haicéadaigh. Bhí príomhfhreagracht acu as an Aerpháirc Rinn Eanaigh (Aerfort na Sionainne) a chosaint.[4]
Nuair a chríochnaigh An Éigeandáil sa bhliain 1945, d’fhill an “No 1 (Irish-speaking) Battalion” (an t-ainmneach oifigiúil fós) go Dún na Rinne Móire. Liostáil an scríbhneoir Dónall Mac Amhlaigh i 1947, agus scríobh sé an leabhar Saol Saighdura bunaithe ar a thaithí ag an am seo. Rinne sé cur síos ar ag roinnt a lóistín le hoileánaigh as Inis Toirbirt í (thréigthe i rith na gcaogaidí), agus bhí sé ina bhall de meitheal tarrthála nuair cailleadh ochtar eitleoir RAF i tuairt eitleáin ar Acaill.[5]
I mi Iúil 1960, imlonnaíodh ceithre saighdúir is fiche ó Rinne Móire go dtí an Congó ar oibríochtaí síocháinaíochta na Náisiún Aontaithe., mar chuid de Chomplacht C, 32ú Chathlán Coisithe. I rith na seascaidí, lean saighdiúirí ón Chéad Chath ar ag taisteal go dtí an Congó agus an Chipir, ar an dea-uair gan cailleadh duine. Faoi 1970, bhí earcaíocht teoranta don Gaillimh agus Oileáin Árann; liostáil cainteoirí dúchais eile as Mumhan agus Tír Chonaill in aonaid níos mó áitiúil, Choinnigh titim ar an uimhir caointeoirí líofa le linn na hochtóidí. Dar leis oifigeach amháin: “Bhí buíon earcach agam sa Chéad Chath i 1979 agus rugadh nó tógadh 60% díobh i Sasana.” [6]
D'fhiafraigh an tUasal Manning den Aire Cosanta (i nDáil Éireann ar 16 Meitheamh 1983) an raibh an Roinn Cosanta chun an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn sna Fórsaí Cosanta. D'fhreagair an tAire Cosanta (An tUas. Cooney) é mar a leanas:
“ | Tá aonad faoi leith san Arm — An Chéad Cathlán, Dún Uí Mhaoilíosa, An Ghaillimh — mar aonad a labhraíonn Gaeilge go coitianta. Déantar gnó agus traenáil an aonaid sin trí Gaeilge de ghnáth agus reachtaítear ranganna Gaeilge don Cathlán chun an teanga d'fheabhsú agus chun na téarmaí míleata a úsáidtear a choimeád suas chun dáta. | ” |
Ar 4 Nollaig 1986 d'fhiafraigh An tUasal Molloy den Aire Cosanta (An tUasal O'Toole) céard é lánlíon an Chéad Chatha, céard a rinneadh ón mbliain 1978 chun an Ghaeilge a chothú ann agus cá mhéad duine a liostáladh ann ó cheantair Ghaeltachta gach bliain. D'fhreagair an tAire Cosanta mar a leanas:
Bunaíocht | Líon | |
---|---|---|
Oifigigh | 25 | 23 |
Céimeanna eile | 491 | 294 |
Iomlán | 516 | 317 |
Sholáthair sé an t-eolas a leanas ar earcaigh ó cheantair Ghaeltachta ón mbliain 1978 i leith: 1978—13; 1979—16; 1980—11; 1981—18; 1982—5; 1983—0; 1984—0; 1985—1; 1986—1.[7].
Dar le clár faisnéise déanta faoin am seo ("Iris 87"), níorbh fholáir roinnt oiliúint i mBéarla mar gheall ar gnáithaimh shábháilteachta.[8]
Nuair a imlonnaíodh cath Éireannach in Liobáin sa bhliain naoi déag seachto hocht, bhí saighduirí ó Rinne Móire san áireamh i Compacht C. I 1981, fuadaíodh Saighdúir Singil Caoimhin Seoige, cainteoir dúchais as Inis Oírr, mar Palaistínigh gar do Deir Ntar agus nár fhill sé riamh. I 1989 chailleadh Ceannaire Fintan Heneghan le beirt chomrádaithe nuair a phléasc mianach talún faoin a dtrucail gar do Bra’Shit. I mí an Mheitheamh 1999, bhí an Cath ag comóradh cúig bliana agus seachtó a bhunaithe, nuair a tháinig drochscéal ó Liobáin: maraíodh Saighdúir Singil Billy Kedian mar lámhach moirtéir i mbunáit a sé- a ceathair – a dó (6-42). D’fhulaing An Chéad Chath tragóid eile i 2002 nuair a fuair S/S Peadar Ó Flaithearta bás i dTíomór Thoir.[9]
Stádas na teanga sna Fórsaí Cosanta faoi láthair
Níl aon fhianaise ann go bhfuil Gaeilge á húsáid mar ghnáth-theanga in aon chuid de na fórsaí cosanta anois, go fiú sa Chéad Chathlán. De réir Mhír 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Scéim na Roinne Cosanta 2006-2009), áfach, bhí na Fórsaí ag iarraidh breis Gaeilge a úsáid mar mheán poiblí. Tá scéim nua den chineál céanna i bhfeidhm anois.[10]
Níl de cheangal ar na Fórsaí Gaeilge a úsáid mar theanga oibre lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Óglaigh Chúltaca le fáil i gCarna, i Maigh Cuilinn, sa Cheathrú Rua agus sa Daingean, agus de réir na Scéime Teanga caithfidh Óglaigh na hÉireann teanga oibre a dhéanamh den Ghaeilge sna háiteanna sin faoin mbliain 2012.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://www.coimisineir.ie/downloads/Sceim_Oglaigh_na_hEireann_Dracht_Deiridh.pdf Defence Forces' Sceme 2006-2009.
- ↑ Aindrias Ó Cathasaigh (2010). "Pádraic Ó Conaire agus An tÓglách". Meitheamh 2010 (Feasta).
- ↑ "Scéalta an tSáirsint Rua".
- ↑ "An Cosantóir - May 2019". digital.jmpublishing.ie. Dáta rochtana: 2020-11-10.
- ↑ Dónall Mac Amhlaigh (1962). "Saol Saighdura".
- ↑ Mac Unfraidh, Gearōid (1994). "Clocha Ceangailte: Lēargas ar UNIFIL sa Liobāin".
- ↑ . http://www.oireachtas-debates.gov.ie/D/0370/D.0370.198612040023.html Curtha i gcartlann 2011-06-09 ar an Wayback Machine. Parliamentary Debates, Dáil Éireann
- ↑ "Iris 87".
- ↑ "An Cosantóir - May 2019". digital.jmpublishing.ie. Dáta rochtana: 2020-11-10.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-02-13. Dáta rochtana: 2010-08-11.