Alastair mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saighdiúir a bhí in Alastair mac Colla Chiotaigh Mac Domhnaill (t.1610-1647) a bhain cáil amach mar gheall ar na cathanna a bhuaigh sé i gcuideachta Mharcas Montrós ar Chunúntóirí na hAlban sna blianta 1644-46.

Óige Alastar[athraigh | edit source]

I gColbhasa na hAlban a rugadh Alastair, áit a raibh talamh ag a athair Colla Ciotach. Bhí airde agus neart thar an gcoitiantacht ann. Cé go raibh a shinsear i gceannas ar mhórchuid d'Inse Gall tráth, bhí Caimbéalaigh Chlann Chailín (Protastúnaigh a bhí i gcomhghuaillíocht leis na ríthe Stiubhardacha i nDún Éideann) a bhí tagtha i réim ina n-áit. Ruaig na Caimbéalaigh Colla Ciotach as Colabhsa sa bhliain 1639 agus chuaigh siad go hÉirinn.

Éirí Amach in Éirinn[athraigh | edit source]

Chuaigh Alastair i reisimint Archibald Stewart i gCúil Raithin. Nuair a d'éirigh na Gaeil amach sa bhliain 1641 thréig sé an t-arm agus thug sé dhá chomplacht leis. Bhris sé cath ar Stewart ach b'éigean dó cúlú siar thar Banna nuair a tháinig an Ginearál Robert Monró go hÉirinn. Bhí sé in arm an ghinearáil Féilim Ó Néill nuair a bhuaigh Monró orthu ag Gleann Mhic Coinn láimh le Rath Bhoth 16 Meitheamh 1642. Gortaíodh Alastair sa chath agus b'éigean é a iompar ón láthair. chaith sé tréimhse ina othar láimh leis an Iúir.

Alastair ar ais i measc na nAlbanach[athraigh | edit source]

I bhfómhar na bliana 1642 bhailigh Alastair agus a dheartháir Raghnal a gcuid fear, agus thugadar creach mhór as Ciannacht Uí Chatháin leo go campa na nAlbanach i gCúil Raithin. Bhí cúis na nGael in ísle brí i gCúige Uladh ag an am, agus is cosúil gur tairgeadh saoirse a athar agus a chuid deartháireacha, a bhí i ngéibheann in Albain, dó mar mhalairt ar a sheirbhís i n-aghaidh na nGael. Ní raibh mórán muinín ag na hAlbanaigh as agus, go gairid ina dhiaidh sin, d'fhill sé ar champa na nGael.

Caithréim Alastar in Albain[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1644 rinneadh maor-ghinearál de in arm na Comhdhála agus cuireadh ar ceann dhá mhíle fear é go hAlbain chun fóirithint a dhéanamh ar Mharcas Montrós agus ar lucht leanúna an rí in Albain. In Albain, chuir Alastair roimhe ar dtús na Caimbéalaigh a ruaigeadh as seantailte a shinsir agus Clann Domhnaill a shlógadh ar son an rí agus in aghaidh na Cunúinte. Bhris sé cath ar na gCunantóirí ag Tippermuir, Obair Déin, Inbhear Locha, Alt Éireann (9 Bealtaine 1645), Alford agus Kilsyth.

Ar ais in Éirinn[athraigh | edit source]

I 1647, nuair a bhí Montrós agus arm an Rí buailte, d'éalaigh Alastair agus buíon dá chuid fear as Cionn Tíre. Chuaigh sé in arm Laighneach an ghinearáil Thomas Preston agus bhí sé páirteach sa chath a troideadh i gCnoc an Loinsigh (8 Lúnasa 1647) in aghaidh arm parlaiminteach Mhichael Jones. Chaith sé tréimhse i mbarda Chluain Meala sular cuireadh siar i gcabhair ar an nginearál Theobald Taaffe é i nDeasmhumhan.

Troideadh cath idir arm Taaffe agus arm na parlaiminte faoina gceannaire Murchadh na dTóiteán Ó Briain, Barún Inse Coinn i gCnoc na nOs (13 Samhain 1647). Bhí Alastair i gceannas ar dheas an airm. Cé gur chlis ar an eite chlé bhris saighdiúirí Alastar trí línte na Parlaiminte. Gabhadh Alastair, agus timpeallaíodh a chuid saighdiúirí agus imríodh ár orthu. Tar éis an chatha maraíodh Alastair go fealltach le piléar i gcúl an chinn.

Alastair sa Bhéaloideas[athraigh | edit source]

Is iomaí scéal faoi Alastair sa bhéaloideas in Éirinn, agus go háirithe in Albain. Nuair a bhí Alastair ag troid i gCath Inbhear Locha ghabh sé Donncha Mac Cailín, Caimbéalach Achadh na mBreac, i gcomhrac. De réir an scéil, thug Alastair rogha dó idir an chroch agus a dhícheannadh. Is é an freagra a thug an Caimbéalach air sular mharaigh sé é. 'An dá dhíogha agus gan aon rogha!'

Tá port ceoil ainmnithe as Alastair coitianta in Éirinn 'Máirseáil Alastram' agus caoineadh 'Gol na mBan sa Ár' a dúirt bean Alastar agus í á chaoineadh tar éis Chath Chnoc na nOs.

Alastair mac Colla Chiotaigh sa Litríocht[athraigh | edit source]

Scríobh Annraoi Ó Liatháin úrscéal Buíon Éireannach in Albain (Sáirséal & Dill 1975) a dhéanann cur síos ar chaithréim Alastar agus Mhontróis in Albain.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Alasdair mac Colla, Seosamh Laoide, Conradh na Gaeilge, 1914
  • Highland Warrior David Stevenson, Ulster Historical Foundation, 1981
  • Scottish Covenanters and Irish Confederates David Stevenson, John Donald, 2003