Sléacht Al-Rashid
| |||||
Cineál | crowd crush (en) eirleach oll-lámhach coir chogaidh | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Israeli invasion of the Gaza Strip (en) , Cogadht Iosrael-Hamas agus Gaza genocide (en) | ||||
Dáta na bliana | 29 Feabhra 2024 | ||||
Suíomh | Cathair Gaza, Stát na Palaistíne , Stráice Gaza | ||||
Tír | Stát na Palaistíne agus Israeli-occupied territories (en) | ||||
Líon básanna | 118 | ||||
Líon gortaithe | 760 | ||||
Déantóir na coire | Fórsaí Cosanta Iosrael | ||||
Meán cumarsáide | |||||
Tharla Sléacht Al-Rashid (nó Al-Rasheed) ar an 29 Feabhra 2024 ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha a ngunnaí le slua mór daoine a bhí bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach.
Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael[1] freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d’éag ar a laghad 118 Palaistíneach agus gortaíodh na céadta eile.[2]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar dtús, le linn na hoíche, bhí slua mór daoine bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach.
Bhí sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh ar dtús gur gortaíodh daoine nuair a shatail siad ar a chéile sa sciob sceab a bhí ar an ábhar sna leoraithe.[3]
Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad 'i gcontúirt ón slua' a thosaigh siad ag scaoileadh, arsa na hIosraelaigh. Níos déanaí d'admhaigh siad gur scaoil saighdiúirí piléir. Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad i gcontúirt ón slua a thosaigh siad ag scaoileadh. Ach bhí na piléir dírithe ar chosa na bPalaistíneach, dar leo.[4]
D'imigh an slua chun scaoill agus maraíodh cuid de na daoine nuair a bhuail na leoraithe iad tar éis dóibh na sála a bhaint dá chéile, arsa na hIosraelaigh. Ach bhí tancanna ann ag an am céanna, in aice leis na leoraithe, agus chuaigh na tancanna sa mhullach ar na Palaistínigh a bhí gortaithe agus in luí ar an talamh, a dúirt na Palaistínigh.[5]
Tugadh na mairbh agus an dream a gortaíodh chuig Ospidéal al-Shifa sa chathair.[6] Ach ní raibh sé d'acmhainn ag an ospidéal sin níos mó an chóireáil leighis a theastaigh a chur ar na céadta duine. Mhaígh an t Ospidéal gur scaoileadh 80% na n-íospartach.[7]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí éileamh déanta - aon uair amháin eile - ag roinnt mhaith tíortha ar na Náisiúin Aontaithe fiosrúchán a chur ar bun faoinar tharla.[8][9]
Thug Hamas foláireamh go bhféadfadh an sléacht is deireanaí comhráite faoi shos comhraic in Gaza a chur ó mhaith.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023-2024
- Ceo cogaidh
- Polasaí 'lámhaigh agus maraigh' i dTuaisceart Éireann (i mBéarla)
- Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Israel Defense Forces" (as en) (2024-03-15). Wikipedia.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (2 Márta 2024). "Nuacht Mhall: (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- ↑ "Físeán - preasócáid de chuid an IdF / Iosrael".
- ↑ Leanne Abraham, Lazaro Gamio, Elena Shao, Aric Toler, Haley Willis (2024-03-01). "What We Know About the Deaths Near the Gaza Aid Convoy" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2024-03-02.
- ↑ "Images suggest Israel ran over Palestinian detainee with armoured vehicle" (en). Middle East Eye. Dáta rochtana: 2024-03-02.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-02-29). "'112 Palaistíneach maraithe, na céadta gortaithe' i gCathair Gaza" (as ga-IE).
- ↑ A. B. C. News. "Gaza doctor says gunfire accounted for 80% of the wounds at his hospital from aid convoy bloodshed" (en). ABC News. Dáta rochtana: 2024-03-02.
- ↑ Harriet Sherwood, Emma Graham-Harrison, Julian Borger (2024-03-01). "Israel faces mounting pressure to investigate Gaza food aid deaths" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-03-02.
- ↑ Thanvir Khan (2024-03-01). "UN Security Council statement blaming Israel for aid convoy deaths blocked by US" (en-US). S2Jnews. Dáta rochtana: 2024-03-02.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-01). "Brú ag teacht ar Iosrael i ndiaidh eachtra an lae inné" (as ga-IE).