Aiste bia
Appearance
An cuingriú bianna a sholáthraíonn na cothaithigh riachtanacha don cholainn. Déantar aistí bia a rangú i gcaighdeáin de réir cothromaíocht na gcothaitheach a ionghabhtar, agus ní de réir na gcineálacha bia a itear go príomha. Go minic úsáidtear an téarma ar theorannú le hionghabháil calraí le haghaidh tanaithe. Le fírinne, is aiste bia ísealchalrach é seo, díreach mar is féidir aiste bia atá íseal i saill nó salann, nó aiste bia le neart snáithín a bheith ag duine. Bhí eolas ar an gceangal idir aiste bia is galair ag na Sínigh chomh luath leis an 14ú céad.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Aiste bia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 29.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |