Oistéapóróis
Appearance
Tanú is lagú na gcnámh mar thoradh ar chailliúint ábhair as an gcnámh. Feictear ar íomhá X-ghathach í mar laghdú i ndéine na gcnámh. Coitianta go leor i seanmhná, agus baineann sí le laghdú i leibhéal na ngnéashormón. Bíonn staidiúir chromtha ag na mná seo mar go dtugann na veirteabraí uathu, agus claonadh go dtarlaíonn bristí dóibh, sna cromáin go háirithe. Is féidir í a sheachaint i mná sa sos míostraithe le teiripe athsholáthar gnéashormón. Is inmholta freisin go ndéanfar aclaíocht rialta, mar go spreagann an strus na cnámha chun a ndlús a imchoimeád.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Oistéapóróis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |