Murtall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Obesity5.JPG

Is éard atá i gceist leis an murtall (nó otrachtRó-raimhreacht uaireanta) ná raimhre a dhéanann dochar don tsláinte (úsáidtear an téarma ró-raimhre uaireanta).

Innéacs corpmhaise[athraigh | athraigh vicithéacs]

Má bhíonn comhéifeacht maise na colainne (BMI) níos mó ná 30%, duine murtallach is ea é sin. Duine le BMI 25-30, is ramhar é mar thoradh ar charnadh iomarcach saille sa cholainn. Más luach BMI 20-25 atá ag duine, is duine an-chothrom é. Nuair is lú an BMI ná 20, is scáinteachán nó ocrach an duine.

Cúis agus éifeacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tarlaíonn murtall de bharr an iomarca bia a ithe de ghnath, nó ráta íslithe meitibileachta a leanann galar faireogach nó lot san inchinn. Tuigtear go bhfuil gaol idir raimhre is easláinte colainne, agus ní annamh a fheictear galair croí, mar shampla, ar dhaoine ramhra.

Tá togracht ghéiniteach chun otrachta ag daoine áirithe.

SAM: Murtall ag éirí níos measa

Éifeacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an meán, is mó an leibhéal galair is míchumais, is giorra an saol, agus is lú an táirgiúlacht i gcás duine i rang ar bith díobh seo, agus is mó an brú a chuireann siad ar an gcóras sláinte.

Dá bharr sin, moltar don té atá ramhar é féin a thanú. An modh díreach le sin a dhéanamh, ar ndóigh, ná srian a chur leis an ngoile.

Murtall in Eoraip

Eipidéimeolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá 20% de dhaonra an domhain ramhar nó murtallach, agus 20% eile ocrach. Tá míchothú ar 40% de dhaonra an domhain, gan dóthain cothú ag na hocraigh, gan dóthain cothú fholláin ag na ramhair is na murtallaigh.

Is ábhar imní é fadhb reatha na hotrachta i measc leanaí go háirithe.

Éire[athraigh | athraigh vicithéacs]

In Éirinn tá thar 40% de na fir is thar 25% de na mná ramhar nó murtallach, níos mó ná 12% de na fir murtallach is 9% de na mná.

Maidir leis an dá rang seo, tá Éirinn i bhfad níos measa ná an meánráta ar fud an domhain.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

An obese man exhibiting a placard of himself looking extreme Wellcome V0011129.jpg

D'fhoilsigh Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá an tuairisc McGovern, "Dietary Goals for the United States" ar an 14 Eanáir 1977[1]. Tuairiscíodh "is aicíd nach bhfuil ach ina tús fós í an ró-raimhre"[2].

Ach bhí an tionscal agraibhia in aghaidh na moltaí[3]. D'fhógair sé cogadh ar an tuairisc agus níor aontaíodh go gcaithfí rud éigin a dhéanamh ag an am. Is mar dheis a cailleadh a chuimhneofar ar an tuairisc McGovern.

Gaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

An duine atá ag éirí murtallach, deirimid i nGaeilge go bhfuil sé ag titim chun murtaill.

An duine a thitfidh chun murtaill, beidh a lán galar ag bagairt air, cosúil leis an taom croí agus diaibéiteas de chineál B, is é sin, diaibéiteas na scothaoise is na cnagaoise.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]