Seimeaglúitíd
Spriocghalar | diaibéiteas chineál 2 agus murtall |
---|---|
Sonraí cliniciúla | |
Grúpa cógaseolaíochta | peiptíd sintéiseach agus glucagon-like peptide-1 (en) |
Cód ATC | A10BJ06 |
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
Foirmle | C187H291N45O59 |
Mais mhóilíneach | 4,111.115376892 Da |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 910463-68-2 |
PubChem (SID) | 56843331 agus 122189768 |
IUPHAR/BPS | 9724 |
DrugBank | DB13928 |
ChemSpider | 34985066 |
ChEBI | 167574 |
ChEMBL | CHEMBL3616752 |
ECHA | 100.219.541 |
Is í seimeaglúitíd[1][2] an comhábhar gníomhach sa druga diaibéitis Ozempic® nó Rybelsus® agus sa druga caillte meáchan Wegovy®. Tá seimeaglúitíd faoi phaitinn agus níl aon leaganacha cineálacha di ar fáil.[3]
Tá an druga Ozempic agus drugaí eile dá shórt, thar barr ag déileáil le diaibéiteas, agus ina theannta sin, cailleann an t-othar an t-uafás meáchain. Is é an chaoi go gcealaíonn an druga an dúil sa mbia. Ach caithfidh daoine a bheith cúramach agus an bia ceart a ithe gach lá. Ní an éifeachtúlacht faoi bharántas: "Oibríonn Ozempic an-mhaith don tríú cuid den phobal, oibríonn sé ‘réasúnta maith’ do thríú cuid eile agus ní oibríonn sé ar chor ar bith don tríú cuid eile."[4]
Agus má tá an éifeachtúlacht go maith, tá tionchar ollmhór ag Wegovy ar go leor fadhbanna sláinte – galar croí, strócanna agus eile. Tá laghdú freisin ar ró-thógáil drugaí ópóideacha.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Danmhairg atá an comhlacht Novo Nordisk lonnaithe agus is iadsan a thug amach na drugaí Ozempic agus Wegovy atá ar díol anois ar fud an domhain. Measadh go raibh 3% de na daoine fásta ar fad sa Danmhairg ag glacadh na ndrugaí sin faoi dheireadh na bliana 2023.[4]
Idir 2020 agus 2023 tháinig titim 2% ar an ráta otrachta sna Stáit Aontaithe. Meastar gur bhain go leor daoine úsáid as na drugaí agus go bhfuil 6% de na daoine i Meiriceá á n-úsáid sa lá inniu.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Ozempic ar fáil in Éirinn faoi oideas. Tuairiscítear go raibh os cionn 25,000 duine ag glacadh an druga Ozempic ar scéimeanna de chuid an FSS le linn 2024. Ach is chun galar diaibéiteas a chosc atá sé sin amhlaidh.
Ní cheadaítear in Éirinn seimeaglúitíd i gcomhair na hotrachta amháin. Ní ann d’aon leagan údaraithe de sheimeaglúitíd i riocht púdair amhail iad sin a bhíonn á n-urghabháil. Níl Wegovy ar fáil in Éirinn go fóill (in 2024).[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““seimeaglúitíd” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-12.
- ↑ tugtar ‘semaglutides’ orthu i mBéarla
- ↑ An tSaotharlann Stáit / State Laboratory / statelab.ie (2023). "Tuarascáil bhliantúil". Dáta rochtana: 2024.[nasc briste go buan]
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Mairéad Ní Nuadháin (11 Deireadh Fómhair 2024). "Teacht an Ozempic – deireadh le fadhb na hotrachta?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-11.