Ailtireacht Luimnigh
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Maraon le cathracha eile na hÉireann, tá oidhreacht ailtireachta ar leith ag Luimneach, an ceathrú cathair is mó sa tír agus an tríú ceann is mó sa Poblacht. Ach toisc ná fuil cáil turasóireacht uirthi, níl an aithne céanna ar radharcanna Luimnigh ná mar a bhfuil ar a leithéid i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh nó i nGaillimh.
Bunaíodh Luimneach mar ionad trasnú na Sionainne agus tá fócas na cathrach dírithe fós ar an abhann d’ainneoin gur chas sí a drom uirthi le blianta mar is gnáthach le formhór bailte na hÉireann. Ach ó blianta na 1980í, tá an bhéim tar éis teacht ar ais ar an abhann, go mór mór faoi thionchar Shéamuis Baróid (Jim Barrett as Béarla) a d’fhreastail mar ailtire an Bhárdais sna am agus chabhraigh tógáil Droichead na Sionainne idir Sráid Mháigh Eala agus Trá Mhic Fhlannchadha sa bhliain 1988 go mór le ath-lárú na cathrach.
Glaotar an Baile Nua (nó Baile Nua an Phoirigh) ar lár na cathrach atá anois ann ach ba ar Oileán an Rí a bhunaíodh ar dtús í. Glaodh an Baile Gallda ar an gcuid den tseanchathair atá suite ar an oileán agus an Baile Gaelach ar an gcuid de atá suite ar bhruach theas Abhann na Mainstreach.
Cé gurb faoin limistéar Seoirseach Bhaile Nua an Phoirigh is mó a bhfuil cáil ar ailtireacht na cathrach, tá foirgnimh fós le feiscint ó beagnach gach ré dá stair.
Ceiltigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl aon iarsmaí fágtha sa chathair féin ón ré roimh theacht na Lochlannach i 814 ach i Mungairit, 5km siar ó dheas ón lár, tá iarsmaí mainistir Mhainchín Naofa, éirleamh Luimnigh, le feiscint. Tá ráthanna, ionaid cónaí Ceilteacha, fós le feiscint in Áth na Coite agus Móin a’Lín, 6km soir ó lár na cathrach.
Is í Ardeaglais Mhuire an t-aon foirgneamh atá fágtha ó ré na Lochlannach ach cé gur bhunaigh Domhnall Mór Ó Briain í san 11ú haois, d'athraíodh go mór í sna blianta ina dhiaidh agus is ón 14ú agus ón 15ú haois an chuid is mó den eaglais atá ag seasamh anois ann.
Thóg na Normannaigh Caisleán an Rí Eoin ar bhruach na Sionainne i dtús an 13ú haois agus is fós ceann des na radharcanna is suntasaí sa chathair é.
Tosnaíodh tógáil falla na cathrach le teacht na Normannach agus tá na stráiceanna is faide de fós le feiscint idir Ospidéal Eoin agus Droichead de Bhál sa Bhaile Gaelach agus idir Sráid an Easpaig agus Bóthar an Oileáin sa Bhaile Gallda.
Sasanaigh, Tiúdair, Stíobhartaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhan Luimneach laistigh dá fallaí ó aimsir na Normannach suas go dtí léigear 1691. Is beag foirgnimh atá fágtha ón réim sin mar, nuair a leathnaíodh í, tháinig lobhadh mór ar an mBaile Gallda agus ar an mBaile Gaelach. (Leis an bhfírinne a rá, lean an lobhadh sin gan stad go dtí deireadh an 20ú haois).
Is measc na hiarsmaí atá fós le feiscint ón ré sin, tá Tithe an Déirce ar Shráid Nioclás agus Pálás an Easpaigh ar Shráid an Chaisleáin.
Seoirsigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad sráideanna Seoirseacha Baile Nua an Phoirigh an radharc is sainiúla Luimnigh sa lá atá inniu ann. Ath-thógadh an chathair tar éis scrios léigear 1691 agus, go mór faoi thionchar chlann Arthur, pleanáladh baile nua-aimsearach ar struchtúr gréille ar riasc bruach theas na Sionainne. Úsáideadh brice dearg go forleathan í dtógáil Sráid Sheoirse (a athainmníodh Sráid Uí Chonaill i ndiaidh shaoirse na tíre) agus na sráideanna mórthimpeall di agus tá na tithe agus na foirgnimh le feiscint ón ré sin fós le feiscint i dtimpeallacht an Chorráin.
Ainmníodh formhór sráideanna Bhaile Nua Phoirigh in onóir chlann Arthur. Ina measc, tá Sráid Phádraig, Sráid Liam, Sráid Chaitríona, Sráid Annraoi, Sráid Thomáis agus Cé Artúir.
Ath-thógadh formhór na sean-séipéil san am sin freisin ar nós Séipéil Eaglais na hÉireann Naomh Eoin i gCearnóg Eoin, Naomh Mhichíl i gCearnóg Poirigh agus Naomh Mhainchín ar Shráid an Easpaig.
D’fhás calafort Luimnigh go tapaigh san 18ú haois de bharr a thrácht le Meiriceá, le Sasana agus le Mor-Roinn na hEorpa agus tá an-chuid stórais fágtha ón ré suite gar don Sionainn i mBaile Nua Poirigh.
An 19ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leathnaigh an chathair a thuilleadh tar éis teacht na gcanálacha i dtús an 19ú haois, tógáil Droichead Wellesley (anois Droichead an tSairséiligh) idir Baile Nua an Phoirigh agus an mbruach thuaidh sa bhliain 1832, teach an iarnróid ins na blianta 1840í agus fás na monarchan i dara leath na haoise.
Bhí tionchar láidir ar dtús ag garastún míleata na Breataine ar fás na cathrach agus is i dtimpeallacht an dá bheairic (Dún an tSairséalaigh agus Dún an Trá sa lá atá inniu ann) ar fhás na céad bruachbhailte. Tógadh tithe d'oifigigh agus do mhuintir saibhre na cathrach thar ar Ascall Uí Chonaill agus Bóthar na hInse agus do ghnáth-shaighdiúirí agus d’oibrithe na cathrach thart ar Sparr Thuamhan, Sráid Eadbhaird agus Garraí Eoin.
Tar éis fuascailte an Eaglais Caitliceach, tógadh an-chuid séipéil, clochair agus foirgnimh reiligiúnda eile. Ina measc sin, tá Ardeaglais Eoin ar a bhfuil an stua is aired in Éirinn.
An 20ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé nár tháinig ach beagán fás ar Luimneach suas go dtí blianta na 1960í, scriosadh slumanna lár na cathrach agus tógadh eastáit nua an Bhardais mar Pháirc Mhuire, Garraí Eoin, Baile Shinéid agus Baile Neachtain.
Le teacht an tionscal nua-aimseartha ón mbliain 1960, thóg an Bardas tuilleadh eastáit nua i Maigh Ros agus Cnoc Theas agus d’fhás an-chuid eastáit príobháideacha sna bruachbhailte ar imeall na cathrach. San am sin, leathnaigh Luimneach i bhfad thar a teorainneacha dlíthiúla agus tá leath daonra na mór-chathracha ina gcónaí anois i gContae Luimnígh agus i gContae an Chláir.
Bhí lobhadh mór tar éis teacht ar lár na cathrach suas go blianta na 1980í ach atógadh an chuid is mó di ó shin i leith. Tá an-tionchar ag an gcomhlacht ailtireachta Murray Ó Laoire ar cruth nua Luimnigh agus go mór mór ar na hád-fhoirgnimh a thógadh ar bhruach theas na Sionainne, í dtimpeallacht Sráid Annraoi agus i dtimpeallacht abhann na Mainistreach.