Mainchín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMainchín
Beathaisnéis
Bási. 652
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata
Ardú
Lá féile2 Eanáir Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Mainchín (Saint Munchin as Béarla) éarlamh cathrach agus deoise Luimnigh. Ciallaíonn a ainm manachsagart beag.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl mórán eolais fágtha anois faoina shaol ach ach an méid atá le fáil i nginealaigh Dhál gCais. Deirtear gur shíolraigh sé ó Shéanna, mac Cais.[1]

Sa seachtú aois tugadh Inis Sibton dó in Inbhear na Sionainne (Luimnigh), ainneoin gur rugadh é, de réir cosúlachta, i gceantar Dhál gCais mar a raibh paróiste agus seanreilig Chill Mhainchín ag deireadh an 6ú haois é agus gur fuair sé bás sa 7ú haois.

Deirtear gurbh eisean an chéad easpag Luimnigh agus gur bhunaigh sé mainistir san áit ar a ghlaoitear anois Sparr Thumhan. Ach tar éis argóint le taoiseach na háite, bhí air bogadh amach as an gcathair.

Nuair a d’imigh sé 6km siar ó dheas go Mungairit chun mhainistir eile a bhunú, chuir sé mallacht ar an gcathair ionas ná éireodh go deo le na háitreabhaigh ach go mbeadh an rath ag an strainséir amháin.

Eaglais Mhainchín (Luimneach, 1827)

Tá iarsmaí mhainistir meánaoiseach fós le feiscint i Mungairit thart ar an sean-reilig.

paróiste Mainchín Naofa suite ar bhruach thuaidh cathair Luimnigh. Deirtear go bhfuil Séipéal Caitliceach Mhainchín suite ar shuíomh shuíomh na seanmhainistreach i Sparr Thuamhan in aice le Carraig an Chonartha agus Droichid Thuamhan.

Is é Coláiste Mhainchín i gCorrbhaile meánscoil deoise Luimnigh.

Ceiliúrtar lá fhéile Mainchín ar an 2ú Eanáir[2] (nó 29 Nollaig le Mícheál Ó Cléirigh nó 3 Eanáir fiú[1]).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Naomh Mainchín, Easpag: 3ú Eanáir | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2021-01-02.[nasc briste go buan]
  2. Martyrologium Romanum 80 (edito altera 2004).