Aileen Palmer
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Aileen Yvonne Palmer 6 Aibreán 1915 Londain, England |
Bás | 21 Nollaig 1988 73 bliana d'aois Ballarat Thoir, Victoria |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Melbourne |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí síochána, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1931 – |
Teangacha | Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Rúisis |
Teaghlach | |
Athair | Vance Palmer agus Nettie Palmer |
Siblín | Helen Palmer |
Duine muinteartha | Ina Higgins () |
File Astrálach, úrscéalaí (gan foilsiú) agus dialannaí ba ea Aileen Palmer (6 Aibreán 1915 – 21 Nollaig 1988). Bhí sí ina hateangaire i rith Cogadh Cathartha na Spáinne ar thaobh na Poblachta agus ina ball d’fhoireann otharchairr i Londain i rith an Bhliotsa. Chaith sí sealanna in institiúidí síciatracha agus déanann sí cíoradh ina dialanna ar a collaíocht féin agus ar ghalar intinne. D’fhoilsigh sí filíocht agus d’fhág sí a lán úrscéalta gan foilsiú ina diaidh, in éineacht le díolaim dhírbheathaisnéiseach.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Aileen i Lodain in 1915 do Nettie agus Vance Palmer, beirt ón Astráil a raibh tábhacht liteartha leo. I gceann sé mhí d’fhill an teaghlach ar an Astráil agus in 1917 rugadh cailín eile, Helen. Chuaigh Aileen ar scoil sa Choláiste Preispitéireach do Bhanuaisle in Melbourne. Rinne sí staidéar ar Ghearmáinis, Spáinnis agus Rúisis, agus bhain amach céim céad onóracha i bhFraincis in Ollscoil Melbourne. Chuaigh sí i Páirtí Cumannach na hAstráile in 1934, agus chuaigh go Londain lena tuismitheoirí. Chuaigh sí go Vín agus ansin go dtí an Spáinn, áit a raibh sí ag obair ansin mar ateangaire do lucht leighis ó 1936 go dtí 1938 agus í gar don troid.[1][2] Scríobh sí úrscéal faoin tréimhse a chaith sí sa Spáinn, Last Mile to Huesca, cé nár foilsíodh é.[3] I ndiaidh an chogaidh bhí sí ag obair sna campaí teifeach sa Fhrainc[4] agus ansin chuaigh ag obair mar thiománaí otharchairr i Londain i rith an Bhliotsa.[5][6]
D’fhill Aileen ar Melbourne in 1945 toisc a máthair a bheith buailte ag taom croí. Bhí uirthi slán a fhágáil ag bean a raibh sí i ngrá léi.[7] Lean sí uirthi ag scríobh agus í ag cothú a saothair le hól agus le beinsidrín. D’fhoilsigh sí ailt in irisí éagsúla, Meanjin, Overland agus The Realist.[8] ach bhuail cliseadh meabhrach í in 1948. Tugadh cóireáil inslin-ghlúcós di ar feadh trí mhí agus teiripe leictri-thritheamhach ina dhiaidh sin. Chuir sí síos ar an gcóireáil agus ar a máthair agus a deirfiúr, ós iad siúd a chuir isteach san ospidéal í, i lámhscríbhinn gan foilsiú, 20th Century Pilgrim.[9]
In 1957 d’fhoilsigh cnusasach dánta dar teideal Dear Life[8] agus chuaigh mar ghníomhaí síochána chun na Síne agus na Seapáine.[5] In 1958, tar éis seal mire, cuireadh isteach i dteach gealt in éadan a tola í. In 1959 d’fhoilsigh sí d’aistriúcháin de scríbhinní an easaontóra Vítneamaigh Tố Hữu ó Fhraincis agus d’fhoilsigh sí (ó Fhraincis arís) Dialanna Príosúin Ho Chi Minh in 1962.[5] In 1964 d’fhoilsigh sí World Without Strangers?, cnuasach dánta.[8]
Gnéasúlacht agus galar meabhrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deir scoláirí áirithe gur leispiach Palmer nó gur dhéghnéasach í.[10][11] Ní léir ach oiread cén cineál galair a bhí uirthi. Ina saothar féin cuireann sí síos ar airíonna atá cosúil leo siúd a bhaineann le strus iarthrámach agus í síorbhuartha ag a bhfaca sí de mharú sa Spáinn agus de bhuamáil i Londain.[12]
Fuair sí bás in 1988 in Ballarat in ospidéal síciatrach.[5][11] Bronnadh a cuid páipéar agus lámhscríbhinní ar Leabharlann Náisiúnta na hAstráile.[13]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Keene 1987, pp. 82–83.
- ↑ Keene 1987, p. 84.
- ↑ Jordan 2008, p. 307.
- ↑ Campamà Pizarro 2014, p. 4.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 Martin 2012.
- ↑ Newman 2002, p. 508.
- ↑ Martin 2009, p. 95.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 Martin 2009, p. 96.
- ↑ Martin 2009, pp. 100–101.
- ↑ Newman 2009, pp. 150–151.
- ↑ 11.0 11.1 Hobby 2016.
- ↑ Newman 2009, p. 157.
- ↑ Newman 2002, p. 505.
Liosta leabhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Nettie Palmer and her Daughter Aileen Palmer, Two Australian Women and One Aim: 'Aidez L' Espagne'" (2014). Blue Gum (1). ISSN 2014-2153. Dáta rochtana: 14 June 2017.
- "Palmer, Helen Gwynneth (1917–1979)" (2000). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 March 2016.
- "A Review of Sylvia Martin's 'Ink in her Veins: The Troubled Life of Aileen Palmer" (November 2016). Westerly Magazine 61 (2). ISSN 0043-342X. Dáta rochtana: 14 June 2017.
- "Women's Time: Ina Higgins, Nettie Palmer and Aileen Palmer" (November 2008). Victorian Historical Journal 79 (2): 296–313. ISSN 1030-7710. Dáta rochtana: 14 June 2017.
- "A Spanish Springtime: Aileen Palmer and the Spanish Civil War" (May 1987). Labour History (52): 75–87. doi:ISSN 0023-6942. JSTOR 27508823. .
- "The last mile to Huesca: an Australian nurse in the Spanish Civil War" (1988). Kensington, NSW, Australia: New South Wales University Press.
- "Aileen Palmer—Twentieth Century Pilgrim: War, Poetry, Madness and Modernism" (2009). Hecate 35 (1–2): 94–107. ISSN 0311-4198. Dáta rochtana: 14 June 2017.
- "Palmer, Aileen Yvonne (1915–1988)" (2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 March 2016.
- "The Intimate Archive: Journeys Through Private Papers" (2009): 133–176. Canberra, Australia: National Library Australia.
- "Silent Witness? Aileen Palmer and the Problem of Evidence in Lesbian History" (2002). Women's History Review 11 (3): 505–530. doi: . ISSN 0961-2025.
- "Danny Yee's Book Reviews: The Last Mile to Huesca: An Australian Nurse in the Spanish Civil War, Judith Keene". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 March 2016.
Le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Crossing Boundaries: Feminisms and the Critique of Knowledge" (1988): 180–191. Sydney, Australia: Allen & Unwin.
- Martin, Sylvia (2016). "Ink in Her Veins: The Troubled Life of Aileen Palmer". Perth, Western Australia, Australia: University of Western Australia Press.