Vance Palmer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVance Palmer

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Lúnasa 1885
Bundaberg, Queensland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Iúil 1959
73 bliana d'aois
Kew, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht na hAstráile, ficsean Astrálach, theatre of Australia (en) Aistrigh, aiste agus léirmheastóireacht liteartha
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, file, beathaisnéisí, léirmheastóir liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileNettie Palmer Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAileen Yvonne Palmer Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínEmily Bulcock
Gradam a fuarthas

IMDB: nm6889848 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí Astrálach, drámadóir, scríbhneoir aistí agus criticeoir ba ea Edward Vivian "Vance" Palmer (28 Lúnasa 1885 – 15 Iúil 1959).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Palmer in Bundaberg in Queensland agus d’fhreastail sé ar Scoil Ghramadaí Ipswich. Ní raibh ollscoil in Queensland ag an am agus rinne sé staidéar ar scríbhneoireacht Astrálach a linne i Scoil na nEalaíon in Brisbane.[1] Bhí poist éagsúla aige agus chuaigh sé ag obair mar oide ag réimse eallaigh Abbieglassie, áit a bhí ar an iargúil 800 ciliméadar siar ó Brisbane. Bhíodh sé ag obair mar bhainisteoir freisin, agus d’fhreastlaíodh sé ar shearmanais na mBundúchasach, dream a raibh mórán acu ann ag an am.[1] Tháinig suim aige sa timpeallacht anseo agus suim sa chaidreamh idir Bundúchasaigh agus daoine bána.

Bhí rún aige óna óige amach a bheith ina scríbhneoir, agus thug sé cuairt ar Londain in 1905 agus in 1910 chun dul chun cinn sa cheird sin. Bhí tionchar ag na sóisialaigh ar bhuail sé leo ar a dhearcadh polaitiúil.

Bhuail sé le Janet (Nettie) Higgins in Melbourne in 1909. Phós siad in Londain in 1914 agus bhí siad ar saoire sa Fhrainc nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach. D’fhill siad ar Londain, áit ar rugadh a gcéad iníon Aileen in 1915.[2] Tháinig siad ar ais chun na hAstráile an bhliain chéanna agus rugadh an dara hiníon acu, Helen, in 1917. Chuir Vance agus Nettie in éadan na hiarrachta a rinne rialtas Billy Hughes ar an gcoinscríobh a thabhairt isteach. Liostáil Vance in 1918 ach chríochnaigh an cogadh sularbh éigean dó dul ag troid.[1]

Bhí Vance agus Nettie ag foilsiú filíochta, gearrscéalta, critice agus iriseoireachta roimh an gcogadh, agus sna 1920idí chuaigh siad i mbun na litríochta go lánaimseartha. D’fhoilsigh Palmer an chéad úrscéal aige in 1920 agus dráma (The Black Horse) in 1924. Ba iad na húrscéalta ab fhearr aige ag an am sin The Man Hamilton (1928), Men Are Human (1930), The Passage (1930) agus The Swayne Family (1934).

I rith an Dara Cogadh Domhanda chuir Vance agus Nettie go láidir in aghaidh an fhaisisteachais sa bhaile agus i gcéin.

D’fhoilsigh Palmer roinnt leabhar stairiúil agus beathaisnéiseach sa tréimhse seo: National Portraits (1941), A G Stephens: His Life and Work (1941), Frank Wilmot (1942) and Louis Esson and the Australian Theatre (1948). I ndiaidh an chogaidh d’fhoilsigh sé tríológ nár fháiltigh na criticeoirí roimpi ag an am ach a thaitin níos fearr leo níos déanaí.

In 1954 d’fhoilsigh sé The Legend of the Nineties, staidéar criticiúil ar bhorradh an traidisiúin náisiúnaigh i litríocht na hAstráile, rud a cheanglaítear de ghnáth leis an Bulletin.

Chuidigh Vance agus Nettie le hábhar léinn a dhéanamh de litríochta na hAstráile.[1] Sa chuid deiridh dá shaol rinne Vance craolacháin raidió faoi leabhair agus scríbhneoireacht.[3] Agus iad ag dul in aois bhí an tsláinte go dona acu agus bhí imní orthu faoina n-iníon Aileen, toisc go raibh galar intinne uirthi agus go mbíodh sí ag ól. Fuair Vance bás le galar croí in 1959.

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Shantykeeper's Daughter (1920)
  • The Boss of Killara (1922)
  • The Enchanted Island : A Novel (1923)
  • The Outpost (1924)
  • Cronulla : A Story of Station Life (1924)
  • Secret Harbor (1925)
  • Spinifex (1927)
  • The Man Hamilton (1928)
  • Men Are Human (1930)
  • The Passage (1930)
  • Daybreak (1932)
  • The Swayne Family (1934)
  • Legend For Sanderson (1937)
  • Cyclone (1947)
  • Golconda (1948)
  • Seedtime (1957)
  • The Big Fellow (1959)

Cnuasaigh ghearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The World of Men (1915)
  • Separate Lives (1931)
  • Sea and Spinifex (1934)
  • Let the Birds Fly 1955)
  • The Rainbow-Bird and Other Stories (1957), curtha le chéile ag Allan Edwards
  • The Brand of the Wild and Early Sketches (2002)

Cnuasaigh filíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Forerunners (1915)
  • The Camp (1920)

Duanaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Old Australian Bush Ballads (1950) in éineacht le Margaret Sutherland (cumadóir)

Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Black Horse and Other Plays (1924)

Neamhfhicsean[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • National Portraits (1940)
  • A.G. Stephens : His Life and Work, A. G. Stephens (1941), eag. Vance Palmer
  • Louis Esson and the Australian Theatre, Louis Esson, eag. Vance Palmer (1948)
  • Intimate Portraits and Other Pieces : Essays and Articles (1969), curtha le chéile ag Harry Payne Heseltine
  • Letters of Vance and Nettie Palmer 1915-1963 (1977), eag. Vivian Smith.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Further reading[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Goldsworthy, Kerryn (2000), "Fiction from 1900 to 1970", in: Webby, Elizabeth (ed.) The Cambridge Companion to Australian literature, Cambridge, Cambridge University Press.
  • Heseltine, Harry (1970), Vance Palmer, Brisbane, University of Queensland Press.
  • Smith, Vivian, Vance and Nettie Palmer, New York, Twayne.
  • Wilde, W., Hooton, J. & Andrews, B. (1994), The Oxford Companion of Australian Literature, 2nd ed., South Melbourne, Oxford University Press.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]