Nettie Palmer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNettie Palmer
Beathaisnéis
Breith1885
Bendigo, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1964
78/79 bliana d'aois
Hawthorn, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPresbyterian Ladies' College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiste
Gairmfile, scríbhneoir aistí, beathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileVance Palmer Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAileen Yvonne Palmer, Helen Palmer Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínEsmonde Macdonald Higgins
Gradam a fuarthas

File Astrálach, scríbhneoir aistí agus príomhchriticeoir liteartha ba ea Janet Gertrude "Nettie" Palmer (née Higgins) (18 Lúnasa 1885 – 19 Deireadh Fómhair 1964).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nettie Higgins in Bendigo i Stát Victoria. Ba neacht í le H.B. Higgins, radacach mór i saol polaitiúil an stáit, agus Aire feidearálach agus breitheamh in Ard-Chúirt na hAstráile ina dhiaidh sin,[1] agus lena dheirfiúr siúd, Ina Higgins, an chéad ailtire tírdhreacha mná in Victoria. Fuair sí oideachas sa Choláiste Preispitéireach do Bhanuaisle in Melbourne. Bhí sí thar barr mar scoláire agus mar theangeolaí agus rinne sí staidéar ar fhóineolaíocht sa Ghearmáin agus sa Fhrainc. Bhí lámh bheo aici i gcúrsaí litríochta agus sóisialachais tar éis di filleadh ar Melbourne agus b’fhada caidreamh mór aici ar an bhfile aislingeach Bernard O'Dowd. Ba bhall tosaigh mór le rá de Pháirtí Cumannach na hAstráile a dheartháir Esmonde Higgins ach ní dheachaigh Nettie i bpáirtí polaitiúil: ba mhó an tsuim a bhí aici in athrú sóisialta níos leithne.[1]

Bhuail sí le Vance Palmer sa Leabharlann Phoiblí in Melbourne in 1909. Chaith an bheirt acu tamall san Eoraip ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin. Bhí Higgins ag déanamh staidéir ar son a dioplóma agus bhí Palmer chun gairm a dhéanamh den iriseoireacht agus den scríbhneoireacht i Londain. Phós siad an i Mí Aibreáin 1914 agus rugadh iníon, Aileen Palmer, dóibh in 1915. D’fhill an teaghlach ar Melbourne agus rugadh iníon eile, Helen, in 1917.[2] Chuir Vance agus Nettie in éadan rialtas Billy Hughes nuair a d’fhéach sé leis an gcoinscríobh a thabhairt isteach.[3] Liostáil Vance in 1918, ach chríochnaigh an cogadh sularbh éigean dó dul ag troid.

Thosaigh idir Nettie agus Vance ag foilsiú dánta, gearrscéalta, léirmheasanna agus iriseoireachta roimh an gcogadh. Roimh di pósadh mhúin Nettie nuatheangacha agus foghraíocht. In 1924 d’fhoilsigh Nettie Modern Australian Fiction, an staidéar criticiúil ba thábhachtaí ag an am ar litríocht na hAstráile. Thosaigh sí ag scríobh alt do nuachtáin ar fud na tíre agus ag déanamh léirmheas ar leabhair thábhachtacha ón Astráil, ón Eoraip, ó Mheiriceá agus eile. In 1928 d’fhoilsigh sí An Australian Story-Book agus gearrscéalta ann a cuireadh i gcló i bhfoilseacháin ghearrshaolacha. In 1931 d’fhoilsigh sí beathaisnéis a huncail, Henry Bournes Higgins: A Memoir. Chuir sí an Centenary Gift Book in eagar, cnuasach píosaí le mná ó Victoria, idir stairiúil agus liteartha, i gcomhair chomóradh céad bliain Victoria. Rinne sí comhfhreagras le mórán scríbhneoirí eile, go háirithe mná, agus thug comhairle do Marjorie Barnard agus Flora Eldershaw.[1]

In 1935 chuaigh an teaghlach go dtí an Eoraip agus bhí siad ar saoire in aice le Barcelona nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne. Bhí Aileen agus Helen ina mbaill den Pháirtí Cumannach ó bhí siad ina mic léinn, agus d’fhan Aileen ann chun cuidiú leis an Aonad Leighis Briotanach sa Spáinn. Thug Nettie tacaíocht do Dhara Poblacht na Spáinne agus í sa bhaile arís.[1]

Le linn an Dara Cogadh Domhanda chuir Nettie agus Vance go tréan in aghaidh an fhaisisteachais sa bhaile agus i gcéin. Bhí siad ar an dream ba luaithe a d’fhógair tábhacht na timpeallachta áitiúla, agus is cuid suntais é an leabhar a scríobh Nettie ar Shléibhte Dandenong láimh le Melbourne.

D’fhoilsigh Nettie The Memoirs of Alice Henry (1944), Fourteen Years: Extracts from a Private Journal (1948), agus Henry Handel Richardson: A Study, leabhar a chuir go mór le clú Henry Handel Richardson (ainm cleite Ethel Florence Lindesay Richardson, údar ó Melbourne) agus a tríolóige móire The Fortunes of Richard Mahony.

Chuidigh Nettie agus Vance le húdarás a chur le litríocht na hAstráile mar ábhar léinn. Theip ar an tsláinte acu agus iad ag dul in aois agus bhí imní orthu faoina n-iníon Aileen. D’fhulaing sí siúd cliseadh meabhrach in 1948 agus chuaigh sí ar an ól. Fuair Nettie bás in 1964.

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The South Wind (1914)
  • Shadowy Paths (1915)

Neramhfhicsean[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Henry Bournes Higgins : A Memoir (1931)
  • Talking It Over (1932)
  • Memoirs of Alice Henry (1944) mar eagarthóir
  • Fourteen Years : Extracts From a Private Journal 1925-1939 (1948)
  • Henry Handel Richardson : A Study (1950)
  • The Dandenongs (1952)
  • Henry Lawson (1952)
  • Bernard O'Dowd (1954) in éineacht le Victor Kennedy
  • Letters of Vance and Nettie Palmer 1915-1963 (1977), eag. Vivian Smith
  • Nettie Palmer : Her Private Journal Fourteen Years, Poems, Reviews and Literary Essays (1988), eag. Vivian Smith
  • Loving Words: Love Letters of Nettie and Vance Palmer 1909-1964 (2018), curtha in eagar agus roghnaithe ag Deborah Jordan

Mar eagarthóir díolamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Australian Story-Book (1928)
  • Centenary Gift Book (1934), curtha in eagar aici féin agus ag Frances Fraser
  • Coast to Coast : Australian Stories 1949-50 (1950)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Australian Dictionary of Biography - Palmer, Janet Gertrude (Nettie) (1885–1964) by D. J. Jordan
  2. Martin, Sylvia (2016). "Ink in Her Veins: The Troubled Life of Aileen Plamer": 17, 28, 34–36. Crawley, Western Australia: The University of Western Australia. 
  3. Jordan, D. J.. "Palmer, Janet Gertrude (Nettie) (1885–1964)". Canberra: National Centre of Biography, Australian National University. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Adelaide, Debra (1988) Australian women writers: a bibliographic guide, London, Pandora
  • Goldsworthy, Kerryn (2000) "Fiction from 1900 to 1970" in Webby, Elizabeth (ed.) The Cambridge companion to Australian literature, Cambridge, Cambridge University Press
  • Jordan, Deborah (1999) Nettie Palmer: Search for an Aesthetic, Melbourne, University of Melbourne History Monograph, http://search.informit.com.au/browsePublication;isbn=0734014406;res=IELHSS
  • Loving Words: Love Letters of Nettie and Vance Palmer 1909-1914, curtha in eagar agus roghnaithe ag Deborah Jordan, Blackheath, Brandl & Schlesinger, 2018 ISBN 978-0-9944296-6-7
  • Modjeska, Drusilla (1981) Exiles at home: Australian women writers 1925–1945, London, Sirius
  • Rorabacher, Louise E (1973) Marjorie Barnard and M. Barnard Eldershaw, New York, Twayne Publishers
  • Smith, Vivian, Vance and Nettie Palmer, New York, Twayne
  • Wilde, W., Hooton, J. & Andrews, B (1994) The Oxford Companion of Australian Literature, dara heagrán, South Melbourne, Oxford University Press

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]