Aibítrí Seoirseacha
| Cineál | tacar agus script family (en) |
|---|---|
| Teangacha | an tSeoirsis, Mingrelian (en) |
| Cruthú | 5 haois |
| Bunús | an tSeoirsia |
| Treo téacs | clé go deas |
| Representative List of the Intangible Cultural Heritage of Humanity (en) | |
| Am | 2016 |
| Aitheantóir | RL/01205 |

I stair fhada litríocht na Seoirsia cumadh trí aibítir Sheoirseacha (Seoirsis: ქართული დამწერლობა kartuli damts'erloba) chun an tSeoirsis agus na teangacha Cairtvéalacha eile a scríobh. In aibítir an lá inniu, tá 33 litir ann a chuirtear i bhfoclóirí agus liostaí san ord céanna atá in aibítir na Gréigise.
Go dtí seo, is iad Inscríbhinní Bir el Qutt ón mbliain AD 430 an scríbhneoireacht i Seoirsis is sine dá bhfuil teacht uirthi. Rinneadh na hinscríbhinní seo i mainistir Sheoirseach sa Phalaistín ag baint úsáide as an aibítir ar a dtugtar Asomtavruli. De réir a chéile d'oibrigh an aibítir Nuskhuri ina hionad go dtí an 9ú haois. Mhair seal na haibítre Nuskhuri go dtí gur tháinig an aibítir Mkhedruli, a bhfuil cruth níos cruinne ar na litreacha, ina hionadsa sa 10ú haois.[1]
Ar 30 Samhain na bliana 2016, chuir UNESCO "traidisiún cultúir beo na dtrí chóras scríbhneoireachta na Seoirsise" ar an liosta úd acu Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.[2]


Na trí aibítir i stair na Seoirsise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Asomtavruli
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Asomtavruli | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Ⴀ | Ⴁ | Ⴂ | Ⴃ | Ⴄ | Ⴅ | Ⴆ | Ⴡ | Ⴇ | Ⴈ | Ⴉ | Ⴊ | Ⴋ | Ⴌ |
| Ⴢ | Ⴍ | Ⴎ | Ⴏ | Ⴐ | Ⴑ | Ⴒ | Ⴣ | ႭჃ, Ⴓ | Ⴔ | Ⴕ | Ⴖ | Ⴗ | Ⴘ |
| Ⴙ | Ⴚ | Ⴛ | Ⴜ | Ⴝ | Ⴞ | Ⴤ | Ⴟ | Ⴠ | Ⴥ | ||||
Nuskhuri
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Nusjuri | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ⴀ | ⴁ | ⴂ | ⴃ | ⴄ | ⴅ | ⴆ | ⴡ | ⴇ | ⴈ | ⴉ | ⴊ | ⴋ | ⴌ |
| ⴢ | ⴍ | ⴎ | ⴏ | ⴐ | ⴑ | ⴒ | ⴣ | ⴍⴣ, ⴓ | ⴔ | ⴕ | ⴖ | ⴗ | ⴘ |
| ⴙ | ⴚ | ⴛ | ⴜ | ⴝ | ⴞ | ⴤ | ⴟ | ⴠ | ⴥ | ||||
An aibítir Mkhedruli
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aige seo thíos tá na 33 litir a mbaintear úsáid astu inniu san aibítir Mkhedruli:
| an /ɑ/ | ban /b/ | gan /g/ | don /d/ | en /ɛ/ | vin /v/ | zen /z/ | tan /t(ʰ)/ | in /i/ | k'an /kʼ/ | las /l/ |
| ა | ბ | გ | დ | ე | ვ | ზ | თ | ი | კ | ლ |
| man /m/ | nar /n/ | on /ɔ/ | p'ar /pʼ/ | zhan /ʒ/ | rae /r/ | san /s/ | t'ar /tʼ/ | un /u/ | par /p(ʰ)/ | kar /k(ʰ)/ |
| მ | ნ | ო | პ | ჟ | რ | ს | ტ | უ | ფ | ქ |
| ghan /ɣ/ | q'ar /qʼ/ | shin /ʃ/ | chin /ʧ/ | tsan /ts/ | dzil /dz/ | ts'il /tsʼ/ | ch'ar /ʧʼ/ | khan /x/ | jan /ʤ/ | hae /h/ |
| ღ | ყ | შ | ჩ | ც | ძ | წ | ჭ | ხ | ჯ | ჰ |
Tá 8 litir eile san aibítir Mkhedruli nach n-úsáidtear anois sa tSeoirsis féin a thuilleadh, ach tá cuid díobh in úsáid sna teangacha Cairtvéalacha eile:
| he /ej/ | hie /j/ | vie /vi/ | hari /q/ | hoe /ow/ | fi /f/ | yn /ə/ | elifi /ʔ/ |
| ჱ | ჲ | ჳ | ჴ | ჵ | ჶ | ჷ | ჸ |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Juan Carlos Moreno Cabrera, El Universo de Las Lenguas, 2003, lch. 135
- ↑ "La tradición cultural viva de los tres sistemas de escritura del alfabeto georgiano".