An tSeoirsis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seoirsis)
Infotaula de llenguaAn tSeoirsis
ქართული ენა agus ქართული‎

Cineálteanga, teanga litríochta agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais3,700,000 (2014)
Á labhairtAn Cugas Theas
Grúpa eitneachSeoirsigh
Dúchasach doSeoirsigh, An tSeoirsia, Artvin Province (en) Aistrigh, Ordu Province (en) Aistrigh agus Sakarya Province (en) Aistrigh
StáitAn tSeoirsia, An Tuirc, An Rúis, An Iaráin, An Asarbaiseáin agus An Airméin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Teangacha Cugasacha
Kartvelian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítrí Seoirseacha, Georgian Braille (en) Aistrigh, Asomtavruli (en) Aistrigh, Nuskhuri (en) Aistrigh agus Mkhedruli (en) Aistrigh
Staidéar agGeorgian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ka
ISO 639-2geo
ISO 639-3kat
Glottolognucl1302
Ethnologuekat
ASCL4902
IETFka

Is í an tSeoirsis, nó an Ghrúisis, teanga oifigiúil na Seoirsia, agus í ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine, a bheag nó a mhór. Ceann de na teangacha Cugasacha Theas is ea í, agus le fírinne is í an t-aon teanga amháin acu a bhfuil forbairt cheart liteartha déanta uirthi. Iad siúd a labhraíonn teangacha eile an ghrúpa seo, is é sin, Kivruli, Laz, Svan, nó Margaluri, is í an tSeoirsis liteartha is mó a chleachtann siad mar theanga liteartha. Is é kartuli ena (ქართული ენა) ainm na teanga sa teanga féin.

aibítir dá cuid féin ag an tSeoirsis. Deir na hAirméanaigh gurbh é Mesrop Mashtots, naomhphátrún na hAirméine, a rinne í, díreach mar a chum sé aibítir na hAirméinise féin, ach is é an scéal a insíonn na Seoirsigh féin gurbh é an Rí Pharnavaz a cheap na litreacha sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Tá traidisiún saibhir liteartha ag an tSeoirsis. Is é an téacs is sine atá ann ná Tsamebay tsmindisa Shushanikisi, dedoplisa (წამებაჲ წმიდისა შუშანიკისი დედოფლისაჲ) nó "Mairtíreacht na Bainríona Naofa Shushanik", agus téann sé siar go dtí an cúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost. B'é Iakob Tsurtaveli a chum é. Sa dara haois déag a scríobhadh eipic náisiúnta na Seoirsia, Vepkhistqaosani (ვეფხის ტყაოსანი), nó "An Ridire i gCraiceann an Phantair". B'é Shota Rustaveli an t-údar.

Cé go bhfuil an tSeoirsis an-difriúil le teangacha na hEorpa, bhí sí fáiltiúil riamh roimh fhocail iasachta ó na teangacha Iartharacha. An té a éistfidh leis an raidió Seoirsise, aithneoidh sé roinnt mhaith focal a tháinig as an Laidin nó as an nGréigis. I gcomparáid léi, tá an Airméinis, cuir i gcás, i bhfad níos "dothuigthe", cé go bhfuil sí gaolmhar leis na teangacha Ind-Eorpacha.

An tSeoirsis scríofa ar fhógra siopa in Tbilisi, sa tSeoirsia

An aibítir[cuir in eagar | athraigh foinse]

(Seo iad na litreacha atá in úsáid i Seoirsis an lae inniu. Tá roinnt litreach de chuid na Sean-Seoirsise fágtha ar lár.)

ა = a

ბ = b

გ = g

დ = d

ე = e

ვ = v

ზ = z

თ = t (t láidir)

ი = i

კ = k eisiachtach, nó k scornánaithe - is é sin, an cineál speisialta den k a bhfuil an scornán páirteach ina fhuaimniú

ლ = l

მ = m

ნ = n

ო = o

პ = p scornánaithe

ჟ = zh,

რ = r

ს = s

ტ = t scornánaithe

უ = u

ფ = p (láidir)

ქ = k (láidir)

ღ = gh

ყ = q'. Is fuaim é seo nach mbíonn a leithéid le fáil sna teangacha eile. Go bunúsach, is k scornánaithe é a fhuaimnítear i bhfad siar sa scornach!

შ = s caol

ჩ = Č

ც = ts

ძ = dz

წ = ts scornánaithe

ჭ = scornánú á chur leis

ხ = ch

ჯ = j

ჰ = h

An tSeoirsis
Vicipéid le fáil as An tSeoirsis freisin

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Seanseoirsis Luath : 5ú–8ú céad
  • Seanseoirsis Clasaiceach: 9ú–11ú céad
  • Lárseoirsis: 11ú/12ú–17ú/18ú céad
  • :Comhaimsearthaseoirsis 17ú/18ú céad – faoi láthair

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]