Achtainíd
Is iad na hachtainídí nó na hachtanóidigh na dúile ceimiceacha ón achtainiam (dúil uimhir a 89) go dtí an láirinciam (dúil uimhir a 103), nó, de réir tuisceana eile, ón tóiriam (dúil uimhir a 90) go dtí an láirinciam. Fuair an tsraith seo de dhúile a hainm ón achtainiam, pé scéal é. Is dúile f-bhloic iad na hachtainídí, agus iad suite taobh thíos de na lantainídí i dtábla peiriadach na ndúl. An chuid is mó de na lantainídí, is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn acu sna comhdhúile ná +3; na hachtainídí, áfach, bíonn siad níos éagsúla ó thaobh a bhfiúis de. Dúile radaighníomhacha iad na hachtainídí go léir, is é sin, níl iseatóip chobhsaí acu, ach tá úráiniam agus tóiriam le fáil sa dúlra, ós rud é go bhfuil iseatóip chomh fadsaolach acu. Cuid mhór de na hachtainídí eile is dúile saorga daondéanta iad, is é sin, níl teacht orthu sa dúlra, agus is éigean iad a tháirgeadh in imoibreoirí núicléacha.
Is ionann "na hachtanóidigh" agus "na hachtainídí". Uaireanta, chloisfeá gurb é an difríocht nach n-áirítear an t-achtainiam féin ar na "hachtainídí" ach gurb ionann na "hachtanóidigh" agus na hachtainídí in éineacht leis an lantanam. Ní thacaíonn polasaí oifigiúil Chumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) i gcúrsaí téarmaíochta leis an tuiscint seo, áfach.
Is iad na hachtainídí ná:
- achtainiam (uimhir a 89)
- tóiriam (uimhir a 90)
- prótachtainiam (uimhir a 91)
- úráiniam (uimhir a 92)
- neiptiúiniam (uimhir a 93)
- plútóiniam (uimhir a 94)
- aimeiriciam (uimhir a 95)
- ciúiriam (uimhir a 96)
- beircéiliam (uimhir a 97)
- calafoirniam (uimhir a 98)
- éinstéiniam (uimhir a 99)
- feirmiam (uimhir a 100)
- meindiléiviam (uimhir a 101)
- nóbailiam (uimhir a 102)
- láirinciam (uimhir a 103)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |