Meindiléiviam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meindiléiviam
Siombail Cheimiceach Md
Uimhir Adamhach 101
Meáchan Adamhach (258) g·mol−1
Grúpa, Peiriad n/a, 7, f
Dlús
Sraith Cheimiceach Achtanóidigh
Md-TableImage.png

Is é an meindiléiviam, a fuair a ainm ó Dmítrí Meindeiléiv, a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl, - is é dúil uimhir a 101 sa tábla sin. Is achtanóideach trasúránach é, is é sin, tá sé ar ceann de na dúile is troime dá bhfuil ann, agus mar sin, níl ach iseatóip radaighníomhacha aige. Md an tsiombail cheimiceach.

Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá aige ná 258Md, agus níl sé féin ach 51.5 lá ar leathré. Mar sin, is deacair taighde a dhéanamh ar shaintréithe an mheindiléiviam, ach dealraíonn sé gurb iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin.