Acht Faoisimh do Chaitlicigh (1829)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Burdett, Peel, an Conallach agus Wellington "in aghaidh an Bhunreachta" (ar an úrlár)

Ritheadh an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh (1829) nuair a bhí Arthur Wellesley (an chéad Diúc Wellington) ina phríomh-aire. Tugadh aontú an rí ar an 13 Aibreán 1829. Thug an t-Acht cead d'fhir Chaitliceacha a bhí ábalta vótáil dul isteach i bParlaimint Shasana agus post a bheith acu i seirbhís an stáit nó sna fórsaí armtha.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gluaiseacht pholaitiúil in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 18ú haois agus tús an 19ú haois ab ea Fuascailt na gCaitliceach. Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill agus daoine eile deireadh iomlán a chur leis na Péindlíthe.

Sheas an Conallach i bhfothoghchán i gContae an Chláir sa bhliain 1828. Bhuaigh sé, cé go raibh cosc air a shuíochán a thógáil suas i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an Mionn Ceannais. Ba é sin ba chúis leis an ngéarchéim ar tháinig Fuascailt na gCaitliceach ina diaidh.[1]

scigphictiúr ag an am: "Catholic petitioners" agus beannacht an phápa

Cuireadh dlí nua - Acht Faoisimh do Chaitlicigh (1829) - i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn.[2]International Phonetic Alphabet - SIL

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  2. Oliver MacDonagh (1991). "O'Connell: The Life of Daniel O'Connell, 1775-1847" (in en). Weidenfeld and Nicolson.