Abulfaz Elchibey
Abulfaz Elchibey | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Meitheamh 16, 1992 - Meán Fómhair 1, 1993 ← Yaqub Mammadov - Heydar Aliyev → | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Əbülfəz Qədirqulu oğlu Əliyev | ||
Eolas breithe | Kalaki (en) ![]() | ||
Náisiúntacht | An tAontas Sóivéadach An Asarbaiseáin | ||
Bás | Ankara, 22 Lúnasa 2000 | ||
Áit adhlactha | Alley of Honor (en) ![]() | ||
Cúis bháis | bás nádúrtha (ailse) | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Baku State University (en) ![]() | ||
Leibhéal oideachais | Candidate of Historical Sciences (en) ![]() | ||
Gairm | |||
Gairm | polaiteoir | ||
Fostóirí | Baku State University (en) ![]() | ||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | An tIoslam | ||
Páirtithe polaitíochta | Azerbaijani Popular Front Party (en) ![]() Azerbaijani Popular Front (en) ![]() | ||
![]() |
Polaiteoir Asarbaiseánach agus iar-easaontóir Sóivéadach a bhí in Əbülfəz Elçibəy (Abulfaz Elchibey). Saolaíodh i Naxçıvan é ar an 24 Meitheamh 1938, agus shíothlaigh sé in Ankara sa Tuirc ar an 22 Lúnasa 2000[1].
B'é Əbülfəz Qədirqulu oğlu Əliyev a fhíorainm, ach mar scríbhneoir, bhaist sé an sloinne Elçibəy ("Teachtaire Uasal") air féin.
Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]
B'é an chéad uachtarán ar Asarbaiseáin a vótáladh isteach go daonlathach, ar an 17 Meitheamh 1992. Bhí sé féin ina intleachtóir leathanaigeanta, ach nuair a bhí sé ina Uachtarán, bhí an Asarbaiseáin díreach sáite i gcogadh leis an Airméin, rud a spreag an náisiúnachas go mór mór. Mar sin, bhí sé sásta náisiúnaithe pan-Turcacha a cheapadh mar Airí Rialtais.
Níor éirigh le rialtas Elçibəy, ach an oiread, cuma cheart chiallmhar a chur ar eacnamaíocht na tíre ná fiú an cogadh a bhuachan, agus bhí na hAirí náisiúnaíocha féin lofa le breabaireacht.
Ní raibh Elçibəy ábalta síocháin a choinneáil ná a chothú sa tír. I dtús an Mheithimh 1994, bhí na trúpaí Airméanacha ag ascnamh leo go tiubh isteach ar chríocha na hAsarbaiseáine. D'éalaigh Elçibəy féin as an bpríomhchathair le teacht slán[2]. Ní raibh Elçibəy ábalta an tír a rialú go héifeachtach, fiú le cabhair ó na comhairleoirí (ar bhaill de na Faolchúnna Liatha iad) a tháinig chuige ón Tuirc.
Bhí Elçibəy ag comhoibriú go dlúth leis na Faolchúnna Liatha, eagraíocht Fhaisisteach sa Tuirc. Bhí siad ag iarraidh na hiar-phoblachtaí Sóivéadacha, a bhfuil teangacha de phór Tuirceach á labhairt iontu, a aontú in aon tír amháin, an "Tuirceastáin Mhór".
Ansin, áfach, b'é an sean-mhaorlathach iar-Shóivéadach Heydər Əliyev a shealbhaigh an chumhacht i ndiaidh Elçibəy, agus i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain chéanna, gaireadh Uachtarán nua de go hoifigiúil.
Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhill Elçibəy go Baku sa bhliain 1997 le dul le polaitíocht arís, agus é ina bhall de pháirtí an fhreasúra.
Sa bhliain 2000, haithníodh go raibh ailse phróstataigh air. Cailleadh go gairid ina dhiaidh sin é in Ankara, an Tuirc, áit a ndeachaigh sé ar lorg leighis.