Esnada Tige Buchet
Seanscéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe i Miotaseolaíocht na nGael is ea Amhráin Theach Buchet (Sean-Ghaeilge Esnada[1] Tige Buchet). Téann an scéal siar go dtí an 10ú haois. Caomhnaítear leaganacha éagsúla sa Leabhar Laighneach agus i Leabhar Buí Leacáin, i measc eile.
Tugann an teideal le fios gur féidir sa deireadh canadh agus ceiliúradh arís i dtigh Buchet'.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iníon altrama í Eithne Taebfota[2] iníon Cathrach Mhóir de Bhrughaidh na Laighean darbh ainm Buichead. Bhí tréad mór bólachta ag Buichead, ach chuir beirt deartháireacha déag Eithne a flaithiúlacht chun tairbhe dóibh féin chomh follasach gan náire sin, nár fágadh dó ach amháin agus seacht mbó. Ní raibh ar a chumas do Chathair Mór, éirithe sean agus lag, slacht a choimeád ar a mhic nó Buchet a chúiteamh dá chailleadh. De bharr seo, bhí ar Bhuichead dul lena chlann chuig bothán beag sa choill gar do Cheanannas, Contae na Mí. Chuaigh Eithne, náire uirthi faoina dheartháireacha, i dteannta leis ann.
Sular tháinig Cormac mac Airt i gcoróin, chás sé ar Eithne álainn, agus thoirchigh agus phós sé í. Agus é ina rí, thug sé a saibhreas ar ais dó mhuintir Bhuichid.[3] Cairbre Lifechair ab ea leanbh an chaidreamh seo.
I leagan eile den scéal, phós Eithne comharba Chathrach Mhóir, Conn Céadchathach.[4]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- James MacKillop: A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press, Oxford 2004, ISBN 0198609671, ll. 193 ff. (Teimpléad:Google book).
- Robert Welch, Bruce Stewart: The Oxford companion to Irish literature. Oxford University Press, Oxford 1996, ISBN 0198661584, lch. 176. (Teimpléad:Google Buch).
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Esnada tige Buchet ar CODECS
- Esnada Tige Buchet ar Irish Sagas Online
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ esnad, fuaim cheoil, srl., ar eDIL
- ↑ taeb ar eDIL; taobhfhada, ard
- ↑ Myles Dillon (eag.), The Melody of the House of Buchet in Celtic Literature Collective.
- ↑ The Adventures of Art son of Conn in Celtic Literature Collective.