Ógie Ó Céilleachair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÓgie Ó Céilleachair

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithAn Rinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: Ogie_O_C Cuir in eagar ar Wikidata

Is múinteoir agus scríbhneoir é Ógie Ó Céilleachair, as Gaeltacht na nDéise.[1][2]

Oideachas

Tar éis dó freastal ar an mbunscoil agus ar an meánscoil sa Rinn, bhain sé céim onórach amach sna hEalaíona i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chuaigh sé ar aghaidh in 2017 chun Ard-Dioplóma san Oideachas a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ina dhiaidh sin d’éirigh leis máistreacht a bhaint amach i dTeagasc Teangacha in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Gairm

Caitheann Ógie a chuid ama idir an Rinn agus Luimneach. Múinteoir Gaeilge, staire agus drámaíochta é i nGaelcholáiste Luimnigh, áit a scríobhann agus a léiríonn sé dráma leis an idirbhliain go bliantúil.

Saothar

Tá téacsleabhar staire don Teastas Sóisearach, An Cúrsa Iomlán Staire, foilsithe aige. Sa bhliain 2011 d’fhoilsigh sé úrscéal do dhéagóirí, Cúpla, le Cló Iar-Chonnacht.[3][4]

Is é Katfish agus Scéalta Eile an tríú foilseachán aige.[5]

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Ógie Ó Céilleachair. "Seo chugaibh a pháistí an t-amhránaí, an múinteoir agus an t-údar Ógie Ó Céilleachair as Gaeltacht na Rinne". Dáta rochtana: 2021.
  2. smaointeogie (2018-04-22). "IMG_9936" (en). Ógie Ó Céilleachair. Dáta rochtana: 2021-11-09.
  3. Ógie Ó Céilleachair. "Buail Leis an Údar: Ógie Ó Céilleachair- 'Cúpla' (Caibidil 8)". Dáta rochtana: 2021.
  4. "Cúpla | Litríocht" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-11-09.
  5. "Katfish agus Scéalta Eile | Litríocht" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-11-09.