Zbigniew Brzezinski

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Zbigniew Brzezinski, 2010

Comhairleoir slándála don uachtarán Meiriceánach Jimmy Carter a bhí in Zbigniew Kazimierz Brzezinski (Polainnis: Zbigniew Kazimierz Brzeziński) (a rugadh ar 28 Márta 1928). Tá sé ina ollamh le polasaí eachtrannach Meiriceánach ag Ollscoil Johns Hopkins i mBaltimore anois, agus ina comhairleoir ag an Center for Strategic and International Sudies (CSIS) i Washington, D.C.

Rugadh Brzezinski i Vársá, sa Pholainn. Ba thaidhleoir Polannach é athair Zbigniew, agus mar sin chaith sé tamall ina chónaí sa Fhrainc agus ansin sa Ghearmáin nuair bhí ina pháiste. Sa bhliain 1938 chuaigh an teaghlach go Ceanada nuair a chuir rialtas na Polainne a athair chuig post nua thall ansin. Ghlac sé saoránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 1958. (Níor ghlac sé saoránacht Cheanadach chuige féin ariamh.)

Bronnadh Bonn Saoirse an Uachtaráin sa bhiain 1981. Sa bhliain 1995 ghlac sé ballraíocht in Ord an Iolair Bháin ó uachtarán na Polainne.[1]

Tagairtí[athraigh | edit source]