Sankt Gallen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sankt Gallen - Eaglais na Mainistreach agus sean-lár na cathrach

Is í Sankt Gallen (Gearmáinis: Sankt Gallen, Fraincís: Saint-Gall, Iodáilis: San Gallo, Rómainis: Son Gagl) an t-ochtú cathair is mó na hEilvéise.

Tá an chathair suite cois abhainn Steinach in oirthuaisceart na tíre, in aice le Loch Konstanz (Bodensee) agus le teoranna na Gearmáine agus na hOstaire. Bhí breis is 73,000 duine ina gcónaí sa chathair fhéin sa bhliain 2011, ach tuairim is 160,000 duine le na fobhailte san áireamh.

Is í Sankt Gallen príomhchathair chantúin Sankt Gallen agus is í an áit chultúrtha is tábhachtaí in oirthear na hEilvéise. Fairis sin, tá Ollscoil Naomh Gall (HSG) ann le tuairim is 6,500 mac léinn ag freastail cúrsaí geilleagair.

Chomh maith le sin, tá clú agus cáil ar an mhainistir Bheinidicteach (Fürstabtei St. Gallen) san áit seo. Bhunaigh Naomh Otmar an mhainistir ag an uaigh ó Naomh Gall, manach Éireannach, sa bhliain 719. Tá leabharlann cháiliúil sa mhainistir freisin (Bibliotheca Sangallensis).

Íomhánna[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]