Roibeard I, Rí na nAlbanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Roibeard Brús
Roibeard I, Rí na nAlbanach
Rí na hAlban
Robertthebruce.jpg
Réimeas 1306–1329
Dáta breithe 11 Iúil 1274
Áit bhreithe Inbhear Áir
Dáta báis 7 Meitheamh 1329
Áit bháis Cardainn Ros, Dún Breatainn
Réamhtheachtaí John de Balliol
Comharba Dáibhí II, Rí na nAlbanach
Rítheaghlach De Brus
Céile Isabella, Elizabeth de Burgh

Roibeard Brús, nó Raibeart 1, Rí na nAlbanach, Mac le Roibeart Brús agus Marjorie, Bantiarna Charraig rugadh é i gCaisleán Turnberry i 1274 dhá bhliain tar éis do Edward I teacht i réim mar rí Shasana. Rinneadh Iarla de nuair a tháinig sé i seilbh ar Charraig i 1292. Ba de shliocht Gael a mháthair agus ba Normannach Francach é a athair. Dá bharr sin bhí Gàidhlig agus Fraincis líofa ag an mBrúsach óg. Bhí Laidin agus Béarla aige chomh maith.

Cogadh in aghaidh na Sasanach[athraigh | edit source]

Nuair a fuair an Rí Alastar II bás i 1286, níor fhág sé mar oidhre ach a ghariníon Margaret, iníon Rí na hIorua. Pósadh í siúd le mac rí Shasana agus cé gur aithníodh neamhspleáchas Alban sa chonradh pósta bhí súil ag rí Shasana seilbh a fháil ar an tír. D'éag an bhanríon óg ar a bealach go hAlbain áfach agus fágadh an ríocht gan oidhre dlisteanach. Bhí teaghlaigh Balliol agus Brus in adharca a chéile agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar choróin na hAlban. Thug Edward cúnamh do John Balliol mar shíl an Rí Sasanach gur duine lag a bhí ann agus go mbeadh sé faoina smacht féin. Barún Sasanach ba ea John Balliol a thug a dhílseacht do choróin Shasana. Fógraíodh gurb é Balliol rí dlisteanach na hAlban ag cruinniú a d'eagraigh Edward i mí na Samhna 1292, agus d'éiligh Edward ceannas feodach ar Albain mar chúiteamh ar a chúnamh agus go dtabharfadh na hAlbanaigh tacaíocht dó ina chogadh in aghaidh na Fraince.

Ní fhéadfadh fiú Balliol glacadh leis na héilimh sin agus dúirt sé suas lena bhéal le hEdward gurbh é féin Rí Alban agus nach mbeadh sé freagrach ach dá mhuintir féin. Dhiúltaigh sé cúnamh míleata a thabhairt do Shasana, rinne sé conradh síochána leis an Fhrainc agus bheartaigh sé ionradh a dhéanamh ar Shasana.

Ghluais fórsaí Shasana ó thuaidh agus ghéill tiarnaí éagsúla do Edward, Robert Bruce ina measc. Mar gheall ar an bhfeall seo ghabh Balliol seilbh ar thailte na mBrúsach in Albain agus bhronn iad ar a dheartháir céile John Comyn.

Bhuaigh na Sasanaigh ar arm Balliol ag Dún Barra in mí Aibreán 1296 agus ghéill Balliol a choróin tamall ina dhiaidh sin. Lean buíonta Albanacha ag troid i gcoinne na Sasanach áfach agus ba é William Wallace an ceannaire ba cháiliúla a bhí orthu. Scriosadh arm Sasanach ag Droichead Sruighle. Bhain na Sasanaigh díoltas amach ar Wallace tamall ina dhiaidh sin áfach ag cath an Eaglais Bhreac. Ní raibh arm mór ag Wallace riamh ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar a choimeád ach gabhadh é i 1305 agus cuireadh chun báis é in Londain.

Ina rí[athraigh | edit source]

Bhí Brús agus John Comyn fágtha mar iarrthóirí ar choróin na hAlban. Bhí cruinniú acu in eaglais Greyfriar ag Dún Phris inar dhúnmharaigh Brús an t-iarrthóir eile. Bhí naimhde aige ar fud na hEorpa dá bharr sin agus chuir an Pápa faoi choinnealbhá é.

Dealbh cuimhneacháin - Sruighle.

D'fhógair Brús gurb é féin rí na hAlban ar an 27 Márta 1306 agus chuir Edward arm ina choinne láithreach. Chaill Brús Cath Methven, cuireadh mórán dá lucht leanúna chun báis agus rinneadh teifeach den rí óg. Chaith sé bliain ar a choimeád agus deirtear faoi go raibh sé i bhfolach i bpluais i gContae Aontroma na hÉireann agus é gan dóchas. Chonaic sé damhán alla ag iarraidh líon a chrochadh idir dhá bhalla na pluaise. Thit an líon as a chéile arís agus arís eile ach lean an damhán alla lena iarrachtaí go dtí gur éirigh leis sa deireadh. Spreag sé sin an rí óg le filleadh ar Albain agus dul chun cogaidh arís. Buaigh sé a chéad chath ar Dhomhnach na Pailme 1307, agus spreagadh clanna Alban chun éirí amach.

Tháinig Edward é féin aneas le arm ollmhór chun béasa a mhúineadh do na hAlbanaigh ach ní raibh a shláinte go maith agus bhí a éifeacht mar cheannaire míleata imithe i léig. Fuair sé bás agus ba é a ghuí go n-iomprófaí a chnámha os comhair an airm go dtí go mbeadh Albain cloíte.

Cuireadh moill tamall ar uaillmhianta na Sasanach agus an rí óg, Edward II ag plé le deacrachtaí éagsúla sa bhaile agus i gcéin. Thug sé sin deis do Roibeard Brús a ríocht a dhaingniú. Tugadh aitheantas dó mar aonrialóir na tíre agus fuair sé tacaíocht ó Rí na Fraince agus ón eaglais féin in ainneoin é a bheith coinnealbháite. Dhíbir sé garastúin Shasana amach óna thír diomaite de chaisleán Sruighle agus rinne sé ionradh ar Shasana féin.

Chuaigh Edward ó thuaidh le arm mór agus troideadh cath cinniúnach Allt a' Bhonnaich ar an 24 Meitheamh 1314. Bhí Brús chomh láidir sin anois go raibh sé ábalta ionradh a dhéanamh ar Éirinn agus aitheantas a fháil dá dheartháir Edward mar rí Éireann. Ach theip go tubaisteach ar chogadh na mBrúsach in Éirinn, d'fhill Roibeard ar Albain agus maraíodh Edward.

A oidhreacht[athraigh | edit source]

Choinnigh Albain a neamhspleáchas go dtí 1601 agus bhí sí i gcomhghuallaíocht leis an Fhrainc ar feadh i bhfad. D'éirigh le Roibeard Brús a choinnealbhá a chur ar ceal agus cairdeas a bhunú arís leis an Róimh agus le cumhachtaí móra na hEorpa. Dar léis ba 'aon-náisiún' amháin iad Éire agus Albain. Fuair sé bás sa bhliain 1329 agus é ina laoch náisiúnta.

Foinsí[athraigh | edit source]