John de Balliol
| John | |
|---|---|
| Rí na nAlbanach | |
| Réimeas | 17 Samhain 1292 – 10 Iúil 1296 |
| Dáta breithe | c.1249 |
| Dáta báis | 25 Samhain 1314 |
| Áit bháis | Picardie |
| Réamhtheachtaí | Maighread, Maighdean na hIorua |
| Comharba | Roibeard I, Rí na nAlbanach |
| Rítheaghlach | Balliol |
| Céile | Isabella de Warenne |
Toghadh John de Balliol (t.1249 - t.25 Samhain, 1314) ina Rí na nAlbanach ó 1292 go dtí 1296.
Luathshaol [athraigh]
Is beag atá ar eolas againn faoi luathshaol John. Rugadh é idir 1248 agus 1250 ag áit anaithnid, lena n-áirítear na féidearthachtaí seo a leanas; Gall-Ghaidhealaibh, Picardie agus Barnard Castle, Contae Durham, Sasana. Ba mhac é John le Dearbhfhorghaill na nGall-Ghaidhealaibh, iníon le Alan FitzRoland, Tiarna Ghall-Ghaidhealaibh agus gariníon David, Iarla Huntingdon, ag a fear céile John, an 5ú Barún Balliol, Tiarna Chaisleáin Bharnard. Fuair sé tailte suntasach i nGall-Ghaidhealaibh agus cearta a éileamh ar Thiarnas na nGall-Ghaidhealaibh, chomh maith le heastáit éagsúla in Albain agus i Sasana gur den oidhreacht Huntingdon iad; fuair sé eastáit mhóra i Sasana agus sa Fhrainc, mar shampla Hitchin, i Hertfordshire, ó a athair.