Mikhail Lermontov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mikhail Lermontov
Mikhail lermontov.jpg
Lermontov sa bhliain 1837
Dáta breithe 15 Deireadh Fómhair, 1814
  Moscó, an Rúis
Dáta báis 27 Iúil, 1841
  Pyatigorsk, an Rúis
Gairm Saighdiúir, file, úrscéalaí, ealaíontóir
Síniú
Mikhail Lermontov Signature.svg

Duine de scríbhneoirí clúiteacha na Rúise a bhí i Mikhail Yuryevich Lermontov, a tháinig chun saoil i Moscó ar an 15 Deireadh Fómhair 1814,[1] agus a fuair bás sna sléibhte i gcóngar do Pyatigorsk ar an 27 Iúil 1841.[2] Bhí sé ina shaighdiúir i sléibhte Chugais, agus na téamaí Cugasacha an-tábhachtach ina chuid scríbhneoireachta. Chum sé úrscéalta freisin, ach ba é Geroy nashego vremeni ("Laoch ár Linne") an t-aon cheann a chríochnaigh sé. Úrscéal tragóideach é faoi shaighdiúir Rúiseach, fear uasal a mhothaíonn nach bhfuil áit cheart ar fáil dó sa saol. Tugann an t-úrscéal cur síos dúisitheach ar Shléibhte Chugais freisin, idir radharcra, nósanna, agus mhuintir.

Saol[athraigh | edit source]

Saolaíodh Mikhail Lermontov i Moscó do lánúin uasal as cúige Tula, agus d'fhás sé aníos i mbaile beag i gcúige Penza. Tá cuma choimhthíoch neamh-Rúiseach ar an sloinne sin Lermontov, agus deirtear gur sliocht sleachta iad muintir Lermontov do shaighdiúir Albanach - Gallóglach, go bunúsach - a shocraigh síos sa Rúis sa seachtú haois déag. Tá an scéal ann freisin gur duine den mhuintir chéanna a bhí i Thomas Learmonth, an file Albanach, nó Thomas the Rhymer, a bhí beo sa tríú haois déag. Ní féidir an ráiteas seo a bhréagnú ná a dheimhniú inniu, áfach.

Oifigeach in arm an Impire ab ea athair Mhikhail, an Captaen Yuri Lermontov. Ní raibh i máthair an fhile, Mariya Arsyenyeva ach déagóir mná nuair a phós an Captaen í, agus ní raibh a máthair-se sásta leis an gcleamhnas seo. Deir an seanchas go mbíodh Elizaveta, máthair Mhariya, agus an Captaen Lermontov riamh in achrann a chéile, agus gur luigh an síor-easaontas sa bhaile chomh dona ar néaróga Mhariya is gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás nuair nach raibh an buachaill ach trí bliana d'aois. Ina dhiaidh sin, rinne Elizaveta úillín óir de Mhikhail óg, agus í síorbhuartha go mbogfadh an Captaen leis agus go sciobfadh sé an mac uaithi. Ní dheachaigh an pheataireacht agus an teannas sa bhaile go rómhaith i bhfeidhm ar charachtar an bhuachalla, agus rinneadh ógánach idir eaglach agus shotalach de. Bhíodh sé ag déanamh loitiméireachta i ngairdín a mháthara móire fosta.

Nuair a bhí sé óg, ba mhaith leis a bheith ag éisteacht le scéalta faoi eachtraí na heisreachtaithe chois abhainn Volga. In aois a dheich mblian dó thóg sé tinneas scamhóg, agus ansin, thug Elizaveta go dtí Cugas é, áit a raibh an aeráid níos fabhraí dó. Ghlac sé grá don réigiún, agus bhí an-ról ag Cugas ina chuid scríbhneoireachta.

D'fhoghlaim Mikhail Fraincis, Béarla agus Gearmáinis sa bhaile ó mhúinteoirí príobháideacha. Bhí an Béarla agus saothar Byron díreach ag éirí faiseanta, agus thaitin Byron go mór mór le Mikhail óg. Sa bhliain 1828 a thosaigh sé ag staidéar sa mheánscoil, agus san am sin bhí sé "pósta ar leabhar filíochta Byron", mar a dúirt Yekatyerina Khvostovaya, bean a raibh nóisean ag Mikhail di san am. (Thiomnaigh Mikhail cúpla dán ón tréimhse seo d'Yekatyerina.) San am seo, d'éirigh an fear óg ina ghoineadóir déanta a raibh nimh ina chuid cainte don duine nár thaitin leis. Thosaigh sé ag tarraingt scigphictiúr fosta, agus ba mhinic a chuireadh sé nath gonta greannmhar leis an scigphictiúr a rinne sé de dhuine éigin.

I Lúnasa 1830, chuaigh Mikhail Lermontov ag staidéar in Ollscoil Mhoscó. Bhí athrú tagtha ar mo dhuine san am seo, agus chuaigh sé go dona i bhfeidhm ar a athair, ó bhí coimhthíos mór eatarthu anois. Fuair an t-athair bás go gairid ina dhiaidh sin, rud a ghoill go mór ar Lermontov óg, mar is léir ó na dánta a scríobh sé san am.

Níor fhan Mikhail óg i bhfad i mbun staidéir ach an oiread. D'fhreastlaíodh sé go dílis ar na léachtanna, ach ní thugadh sé aird ar na hollúna - bhíodh sé ag léamh leabhar le linn an léachta. Ní raibh sé páirteach i saol caidreamhach na mac léinn ach an oiread. D'éirigh sé as i ndiaidh dhá bhliain a chaitheamh in ainm a bheith ag foghlaim léinn.

D'éirigh ní b'fhearr leis sa scoil mhíleata, agus bhain sé amach coimisiún oifigigh sa deireadh. San am chéanna bhí sé ag scríbhneoireacht go dúthrachtach freisin. Nuair a fuair Aleksandr Pushkin, file mór na linne, bás i gcomhrac aonair sa bhliain 1837, scríobh Lermontov dán fíochmhar faoi chinniúint an cheannródaí filíochta, ag milleánú an Impire agus lucht a chúirte faoi bhás Pushkin. Bhí an tImpire an-mhíshásta leis an dán, agus thug sé ar an bhfile aghaidh a thabhairt ar Chugas agus cogadh a chur ar na bundúchasaigh ansin. Bhí Lermontov breá sásta leis an díbirt seo, áfach, chomh doirte is a bhí sé do Chugas ó bhí sé ina bhrín óg.

Ceadaíodh dó filleadh ón díbirt leis na blianta 1838-39 a chaitheamh i Moscó agus i gCathair Pheadair, ach níor thaitin caidreamh éadrom na maithe is na móruasal leis. Thit sé i ngrá le bean uasal darbh ainm Varvara Lopukhina, ach níor fhreagair sise a chuid mothúchán. Sa deireadh, bhí comhrac aonair aige le mac an ambasadóra Fhrancaigh, agus gearradh tréimhse nua deoraíochta dó. Mar sin, chuaigh sé ar ais go Cugas, agus ghlac sé páirt sa chogaíocht ansin arís.

Comhrac aonair ba trúig bháis do Lermontov freisin. Bhí sé ag scríobh dánta scigiúla i gcónaí, agus ghoill ceann acu ar dhuine de na hoifigigh eile chomh dona agus gur thug sé cuireadh chun comhraic don fhile. Níor dhruid Lermontov ó spairn lann ná ó chomhrac aonair riamh, agus mar sin, mharaigh an fear eile - an Maor Nikolay Martynov - é i bPyatigorsk ar an 25 Iúil 1841. Deirtear gurbh í rúnseirbhís an Impire a mhol do Martynov an cuireadh comhraic a thabhairt do Lermontov.

Sliocht as saothar Lermontov[athraigh | edit source]

Seo an brollach a chuir Lermontov lena úrscéal:[3]

Tús agus deireadh don leabhar a brollach: b'fhéidir gur míniú é seo ar an dóigh a ndeachaigh an t-údar i mbun pinn an chéad uair, b'fhéidir gur iarracht atá ann freagra a thabhairt do cheisteanna an léirmheastóra roimh ré. An chuid is mó de na léitheoirí, áfach, is cuma leo faoi spreagadh mhorálta an údair is faoin gcineál íde bhéil is gnách le lucht na nuachtán a thabhairt dá chéile; mar sin, is rogha leo gan bacadh leis an réamhrá. Is trua sin, áfach, inár dtír féin ach go háirithe. Bíonn na léitheoirí chomh soineanta is nach mbainfidís aon chiall as gnáthscéal suain do na páistí ach an ceacht morálta a bheith curtha ar a súile dóibh sa deireadh. Níl siad in ann an magadh a thuiscint ná an íoróine a aithint: níl aon oiliúint cheart orthu. Ní thuigeann siad go fóill nach gceadaítear eascainí loma i measc daoine dea-mhúinte ná i leabhar dea-scríofa. Níl a fhios acu an lann is géire atá ag lucht na dea-bhéasaíochta, an lann mharfach faoi cheilt a fhágann goin fhrithir dholeigheasta ina diaidh. Tá ár gcuid léitheoirí cosúil leis an trudaire tuaithe a shíleann, i ndiaidh comhrá aon bheirt taidhleoirí ó stáit naimhdeacha a chloisteáil dó, go bhfuil gach duine acu meáite ar fheall a dhéanamh ar a thír féin, ó b'olc an seanadh a mhalairt.
Sin é an cineál cinniúint a fuair an leabhar seo féin agus an chiall liteartha a bhain léitheoirí nó fiú léirmheastóirí áirithe aisti. Daoine acu, ghlac siad an-chorraí le Laoch ár Linne agus iad ag síleadh go rabhthas ag tairiscint a leithéid de bhithiúnach dóibh mar dhea-eiseamláir mhorálta; daoine eile áfach, bhí siad ag tabhairt le fios go gcaithfeadh sé go raibh an t-údar ag cur síos air féin agus ar na daoine ina thimpeall...Nach iomaí uair a chuala muid a leithéid seo cheana féin! Ach sin é an chuma atá ar an Rúis, de réir dealraimh, gurb é an sórt seo mí-aibíochta an t-aon toradh nach n-aibíonn choíche inti. Dá n-insínn an scéal is mó iontais, draíochta agus miorúiltí, is cinnte go n-aithneodh duine éigin masla pearsanta air.
Is fíor, a chairde gaoil, gur pictiúr é Laoch ár Linne, ach ní pictiúr d'aon duine ar leith é. Is pictiúr é de dhuáilcí ár nglúine go léir, agus iad i mbarr a n-olcais. Beidh sibh do mo bhodhrú a rá nach féidir don duine bheith chomh suarach sin, ach is é an freagra a thugaim: ó ghlac muid dáiríre roimhe seo gach cineál robálaithe rómánsacha sa litríocht, nárbh fhiú an chreidiúint chéanna a thabhairt do Pechorin fosta? Má d'éirigh libh sult a bhaint as cumadóireacht i bhfad níos gránna, níos suaraí cheana féin, cén fáth nach nglacfadh sibh trócaire leis an bhfear seo, fiú más cumadóireacht amháin atá ann mar charachtar? An é an fáth le seo ná go bhfuil níos mó den fhírinne ag roinnt leis ná ab fhearr libh a admháil?
Deir sibh, mar sin, nach fearrde an mhoráltacht agus an leabhar seo scríofa. Gabhaigí mo leithscéal. Tá muid ag cothú na ndaoine le milseáin le rófhada, agus an drochscamhard seo ag tosú ag luí ar a ngoile. Tá siad in anás leigheasraí láidre anois, nó fíricí a ghoineann. Ina dhiaidh sin, ná síligí, áfach, gur theastaigh ón údar seo riamh duáilcí an duine a leigheas le díoltas brúidiúil. Dia idir é agus an t-olc! Níor theastaigh uaidh go bunúsach ach pictiúr a líniú de dhuine ár linne mar a samhlaíodh dó é agus mar a casadh, faraor, go rómhinic air é. Cuireadh méar ar an ngalar, ar a laghad; ag Dia atá a leigheas.

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Féilire Iúil = 3 Deireadh Fómhair
  2. Féilire Iúil = 15 Iúil
  3. Panu Höglund a d'aistrigh ón Rúisis