James Campbell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Campbell

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) James Campbell, 1st Baron Glenavy
Beathaisnéis
Breith(en) James Henry Mussen Campbell
4 Aibreán 1851
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Márta 1931
79 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach
6 Nollaig 1922 – 6 Nollaig 1928 – Thomas Westropp Bennett (en) Aistrigh →
Seanadóir na hÉireann
11 Meán Fómhair 1922 – 6 Nollaig 1928
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Lord Chancellor of Ireland (en) Aistrigh
Meitheamh 1918 – Meitheamh 1921
Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
26 Nollaig 1916 – Meitheamh 1918
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Nollaig 1910 – 12 Eanáir 1917 (official appointment (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Eanáir 1910 – 28 Samhain 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 10 Eanáir 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Attorney-General for Ireland (en) Aistrigh
4 Nollaig 1905, Aibreán 1916 – 22 Nollaig 1905, Nollaig 1916
Ball de Ríchomhairle na hÉireann
1905 –
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Márta 1903 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ard-Aturnae na hÉireann
1901 – 1905
Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
21 Eanáir 1898 – 17 Meán Fómhair 1900 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin St Stephen's Green (en) Aistrigh

Binseoir Óstaí an Rí
1894 –
Abhcóide na Banríona
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, breitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalBarún Lann Abhaigh (1921, 1921–1931) Cuir in eagar ar Wikidata
CéileEmily MacCullagh (1884–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCharles Campbell, 2ú Barún Lann Abhaigh, Cecil Campbell, Philip Sidney Campbell Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Mussen Campbell  agus Delia Poole Graham
Gradam a fuarthas

Abhcóide agus polaiteoir Éireannach ab ea James Campbell, the first Baron Glenavy, nó Séamas Mac Cathmhaoil, an Chéad Bharún Lann Abhaigh[1] (4 Aibreán 185122 Márta 1931). Bhí sé ar thús cadhnaíochta shaol poiblí a linne in Éirinn, ag an mBarra, mar bhreitheamh agus sa pholaitíocht.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Campbell i mBaile Átha Cliath ar 4 Aibreán 1851 agus d'fhreastail sé ar Dr. Stacpoole's School in 'Kingstown' (Dún Laoghaire).

Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide (BA 1874), glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1878 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1892. Féachadh go forleathan ar Campbell mar an t-abhcóide ab fhearr in Éirinn san aois sin, nó sa dara háit taobh thiar de Edward Carson sa réimse sin.

Bhí Campbell ina Theachta Parlaiminte faoi dhó (feisire thar ceann na hollscoile) i dTeach na Teachtaí (1898-1900 agus 1903-17), Aturnae Ginearálta na hÉireann (1903-5) agus Ard-Aighne na hÉireann (1905 agus 1916-17).

Ar an 25 Aibreán 1916, le linn Éirí Amach na Cásca, atoghadh Campbell mar Fheisire Parlaiminte ag searmanas beag i Halla na Scrúduithe, Coláiste na Tríonóide.[3]

Halla na Scrúduithe, Coláiste na Tríonóide, ar chlé, áit a atoghadh Campbell mar Fheisire Parlaiminte le linn Éirí Amach na Cásca

Rinneadh Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann de (1917-18) agus an tArd-Seansailéir leathdheireanach in Éirinn (1918-21).

Cambell an chéad Chathaoirleach ar Sheanad Éireann

Mar dhuine d'Aontachtaithe an Deiscirt ba thabhachtaí, ceapadh Campbelldon Seanad sa bhliain 1922 agus toghadh mar an chéad Chathaoirleach air. Atoghadh don phost sin é sa bhliain 1925. Níor iarr Campbell go n-atoghfaí é ina sheanadóir ag deireadh a théarma sa bhliain 1928.

Bhí Campbell ina chathaoirleach ar an gcoiste a thug comhairle don Ard-Chomairle maidir le cruthú na gcúirteanna nua, rud a baineadh amach leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. Fuair a chuid tuairimí an lámh in uachtar ar na moltaí a rinne Aodh Ó Cinnéide (Ard-Aighne, 1922-24; Príomh-Bhreitheamh, 1924-36) i ndáil le roinnt ceisteanna; éide na mbreithiúna agus an modh aithisc, mar shampla.[4]

D'éag James Campbell i mBaile Átha Cliath ar 22 Márta 1931, curtha i Reilig Chnocán Iaróm.

.



Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tháinig a sheanathair ó Lann Abhaigh ("Glenavy of Milltown, Dublin" an teideal a roghnaigh James Campbell dó féin). "Lann Abhaigh" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "lch 16 Séamas Mac Cathmhaoil, an Chéad Bharún Lann Abhaigh". Dáta rochtana: 2021.
  3. tcd.ie (2016). "Coláiste na Tríonóide agus an Éirí Amach (lch 16)". Dáta rochtana: 2021.
  4. mar a thaispeáin James I. Dougherty i bpíosa i History Ireland sa bhliain 2010. (2010 (Iml 18)). "‘Ocular demonstration’ or ‘tremendous treasure’?". History Ireland. Dáta rochtana: 2021-03-22.