Henri Poincaré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Matamaiticeoir a rugadh i Nancy na Fraince ab ea Jules Henri Poincaré (1854-1912). Chruthaigh sé teoiric na bhfeidhmeanna uathmhorfacha, bunaithe ar choincheapanna ó thacartheoiric, geoiméadracht neamh-Eoiclídeach is teoiric na bhfeidhmeanna coimpléascacha. I 1899 chuir sé tús le teoiric an anoird. Thairg sé cuid mhaith bunchoincheapanna don toipeolaíocht, an triantánú is an homalógacht.