Hassan Rouhani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHassan Rouhani

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fa) حسن روحانی
Beathaisnéis
Breith12 Samhain 1948
75 bliana d'aois
Sorkheh Cuir in eagar ar Wikidata
7 Uachtarán na hIaráine
3 Lúnasa 2013 – 3 Lúnasa 2021
← Mahmoud AhmadinejadSeyed Ebrahim Raisi →
29 Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe
3 Lúnasa 2013 – 17 Meán Fómhair 2016
← Mahmoud AhmadinejadNicolás Maduro →
Secretary of the Supreme National Security Council (en) Aistrigh
12 Deireadh Fómhair 1989 – 15 Lúnasa 2005
Ball den Tionól Comhairleach Ioslamach
28 Bealtaine 1984 – 27 Bealtaine 2000
Ball den Tionól Comhairleach Ioslamach
28 Bealtaine 1980 – 27 Bealtaine 1984
Toghcheantar: Semnan
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnSiach
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh Cailleannach Glaschú - dlí bunreachtúil (1995–1999)
Oilthigh Cailleannach Glaschú - dlí (1990–1995)
Ollscoil Tehran - Baitsiléir Ealaíon (1969–1972)
Qom Seminary (en) Aistrigh - fiqh (1961–1978) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Tráchtas acadúilThe flexibility of Shariah (Islamic law) with reference to the Iranian experience (1998 Cuir in eagar ar Wikidata)
Teanga dhúchaisan Pheirsis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, cléireach, dlíodóir, scríbhneoir, taidhleoir, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Tehran Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaModeration and Development Party (en) Aistrigh (1999–)
Combatant Clergy Association (en) Aistrigh (1988–)
Islamic Republican Party (en) Aistrigh (1979–1987) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Pheirsis, Béarla, an Araibis agus Sorkhei (en) Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
20182018 SCO Summit (en) Aistrigh
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSahebeh Rouhani (1972–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMohammad Rouhani Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHaj Asdollah Fereydoon Rohani
SiblínHossein Fereydoun
Croineolaíocht
Hassan Rouhani's plagiarism allegations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinpresident.ir Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3358994 Twitter: HassanRouhani Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Hassan Rouhani (Peirsis: حسن روحانی; a rugadh mar "Hassan Fereydoun" ar an 12 Samhain 1948) an 7ú Uachtarán agus Uachtarán na hIaráine (ó 3 Lúnasa 2013 go dtí 3 Lúnasa 2021). Cléireach Moslamach is ea é (leis an stádas Mujtahid Siach) agus dlíodóir agus iar-taidhleoir chomh maith.

timpeall 1960

Amharctar ar Rouhani mar dhuine measartha lárnach ó thaobh na polaitíochta de.

timpeall 1978

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá céim bhaitsiléara sa dlí aige ó Ollscoil Tehran (1969) agus fuair sé MPhil sa Dlí (1995) agus PhD sa Dlí (1999) ó Ollscoil Chaladónach Ghlaschú,[1] agus é 52 bliain d'aois ag an am.

1980

Bhí an tráchtas MPhil faoin gcumhacht reachtach maidir leis an dtaithí Iaránach agus an tráchtas PhD faoi sholúbthacht an dlí Ioslamaigh sa chomhthéacs céanna.

Polaitíócht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tréimhse sin bhí poist sinsearaigh éagsúla aige - sa rialtas, san arm agus sa riarachán.

Bhí Rouhani

  • ina bhall den Majlis (Parlaimint na hIaráine) ó 1980 go dtí 2000
  • ina cheannaire na comhairle maoirseachta le haghaidh chraoltóir stáit na hIaráine (1980-83)
29 Eanáir 29 2005

ina cheannasaí an Fhórsa Aerchosanta (1986-91) le linn an Chogaidh

ina bhall den Chomhairle Sheiftiúlachta

2013

de Thionól na Saineolaithe araon ó 2000 anuas go dtí an lá inniu. - mar shampla, , .

rúnaí d'Ardchomhairle na Slándála Náisiúnta (1989-2005).

Fuair Rouhani ceadúnas chun cleachtadh mar dhlíodóir sa bhliain 2007.

Bhí Rouhani freisin ina leas-chainteoir den 4ú agus 5ú théarma den Thionól Comhairliúcháin Ioslamach (An Majlis). I gcáil ar sin, bhí sé i gceannas freisin ar fhoireann iar-idirbheartaíochta na hIaráine agus ina phríomh-idirbheartaí leis an triúr ón AE - an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, agus an Ghearmáin - ar chlár núicléach na hIaráine.

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 7 Bealtaine 2013, chláraigh Rouhani don toghchán uachtaránachta a tionóladh ar an 14 Meitheamh 2013. Dúirt sé go n-ullmhódh sé "cairt um chearta sibhialta", an geilleagar a athbhunú agus an caidreamh guagach le náisiúin an Iarthair a fheabhsú .

2017

Toghadh Rouhani mar Uachtarán na hIaráine ar an 15 Meitheamh 2013, ag fáil an ceann is fearr ar Mhéara Tehrān, an tUasal Mohammad Bagher Ghalibaf agus ceathrar iarrthóir eile.

2021

Ar an 3 Lúnasa 2013, toghadh mar Uachtarán Phoblacht Ioslamach na hIaráine é, le haghaidh téarma oifige ceithre bliana. Atoghadh sa bhliain 2017 é.

Sa bhliain 2021, bhí súil ag Éire agus an tAontas Eorpach áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú a rinneadh sa bhliain 2015.

Clár núicléach na hIaráine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2015, bhí réiteach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra i gcomhráití núicléach tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta.[2] Le linn na mblianta 2015-2016, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha sa Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maoladh ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta.

Ach d'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh nuair a toghadh Trump. Níor chas Rouhani riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019.[3]

Sa bhliain 2021, bhí Éire ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015, agus ag áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú.[4] Chas Simon Coveney le Hassan Rouhani nuair a bhí sé fós ina Uachtarán sa bhliain 2021,[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Hassan Rouhani" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-12.
  2. Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meirceá agus An Iaráin" (as ga). 
  3. "‘Seans maith’ go mbuailfidh Trump le Hassan Rouhani, uachtarán na hIaráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-12.
  4. Deaglán de Bréadún. "Is maith go bhfuil margadh déanta leis an Iaráin faoi chúrsaí núicléacha" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-12.
  5. Nuacht RTÉ (2021-03-07). "Coveney sásta lena chruinniú san Iaráin" (as ga).