Francisco de Goya
Péintéir agus déantóir priontaí Spáinneach ba ea Francisco José de Goya y Lucientes (30 Márta 1746 – 16 Aibreán 1828). Ba é Goya an Sean-Mháistir deireanach, ach bhí an-tionchar aige ar an bpéintéíreacht nua-aimseartha agus ar phéintéirí mar Manet agus Picasso.
Clár ábhair |
A Chéad Óige [athraigh]
Rugadh i Fuendetodos i ríocht Aragón é sa bhliain 1746. D'aistrigh a mhuintir go Zaragoza agus sa chathair sin a fuair sé a chuid oideachais.
Péintéireacht [athraigh]
Thosaigh se ag obair leis an bpéintéir José Luján nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois. Chaith sé tamall i Maidrid agus sa Róimh sular fhill sé ar Zaragoza. Rinne sé staidéar faoi stiúir Francisco Bayeu y Subías, agus phós Josefa, deirfiúr Bayeu, sa bhliain 1774. Tháinig clú agus cáil air um an dtaca san. Cailleadh i mBordeaux é i mí Aibreáin 1828.
Tagairtí [athraigh]
- John J. Ciofalo, The Self-Portraits of Francisco Goya. Cambridge University Press, 2001
- Robert Hughes Goya, 2003, ISBN 1-84343-054-1
Naisc [athraigh]