Edouard Manet

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir a rugadh i bPáras ab ea Edouard Manet (1832-1883). Dhiúltaigh an Salon (an Seomra, bunáit na healaíne i bParas) dá shaothar Dejeuner sur l'herbe (Lón ar an bhFéar, 1863), agus bíodh is gur ghlac siad lena shaothar Olympia i 1865, bhí siad ina choinne an t-am ar fad. Mar fhreagairt is ceannairc, léirigh sé a shaothar i Seomra na bPictiúr Diúltaithe, agus chabhraigh le bunú ghluaiseacht an impriseanachais.