Ernest Walton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaErnest Walton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Ernest Thomas Sinton Walton
6 Deireadh Fómhair 1903
Dún na Mainistreach (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Bás25 Meitheamh 1995
91 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin, St. Nessan's Section 53°17′00″N 6°10′02″W / 53.28342°N 6.16736°W / 53.28342; -6.16736 Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh le Fealsúnacht Nádúrtha agus Turgnamhach Erasmus Smith
1946 – 1974
← Robert William DitchburnBrian Henderson (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnModhachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Cambridge (1927–1931)
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1922–1927)
Coláiste Meitidisteach, Béal Feirste (1915–1922)
Ardscoil Cookstown Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilThe Production of Fast Particles: Galvanometer and Oscillograph Design (1931 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaErnest Rutherford
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic, fisic núicléach agus fisic cháithníní
Gairmfisiceoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1934–1974)
Ollscoil Cambridge (1931–1934) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileWinifred Walton Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: 9a570b95-22dc-4d9d-b9c1-53ccd4c4257d Find a Grave: 38516028 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisicí a rugadh i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge, ab ea Ernest Thomas Sinton Walton (6 Deireadh Fómhair 190325 Meitheamh 1995).

Roinn sé Duais Nobel na Fisice i 1951 as obair a rinne sé le John Cockroft faoi stiúir Ernest Rutherford i gCambridge Shasana ar dhíscaoileadh litiam i 1932.

Scoilt Walton agus Cockcroft núicléas adamh Li (litiam), an rud ar an dtugtar go minic ‘scoilteadh an adaimh'. I Saotharlann Cavendish in Ollscoil Cambridge, Sasana, a rinneadh an turgnamh.[1][2] D'fhógair Albert Einstein gurbh é an turgnamh sin an chéad léiriú riamh ar an gcothromóid iomráiteach dá chuid féin E=mc2 .

ciorcad voltais

Díscaoileadh litiam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina dturgnamh ceannródaíoch, rinne Cockcroft agus Walton núicléis litiam a thuairgneáil le prótóin ardfhuinnimh, luasghéaraithe go líneach trasna difríocht poitéinsil ard (c. 700 kV). Thug díscaoileadh gach núicléis litiam, a lean uaidh sin, dhá núicléas héiliam agus fuinneamh.[3]

luasaire Cockcroft-Walton

Thóg sé meaisín leictreastatach a ghinfeadh difríocht poitéinsil 700 kV chun prótóin a luasghéarú le himbhualadh le núicléis litiam. Mar thoradh, fuair dhá alfa-cháithnín, is é sin, dhá núicléas héiliam in aghaidh gach núicléas litiam a imbhuaileadh.

Ba é seo an chéad uair riamh a scoilteadh an t-adamh is a rinneadh dúil amháin (litiam) ina dúil eile (héiliam) go saorga: seanaidhm na n-ailceimicithe.

Cruthú luath ab ea an toradh seo ar chothromóid iomráiteach Einstein, E = mc2 , a chiallaíonn gur féidir mais áirithe a athrú ina méid seo fuinnimh.

Cuimhneachán i mBÁC
Cuimhneachán i mBÁC

Comhthéacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ernest Walton ar dhuine de na ceannródaithe cáiliúla a rinne annus mirabilis den bhliain 1932 don fhisic núicléach thurgnamhach. Sa bhliain sin d’fhionn

Ba thús é le fisic núicléach thurgnamhach, bunaithe ar luasairí chun bunairíonna damhna a léiriú.

Níos déanaí, bhí Walton gníomhach i nGrúpa Pugwash, a chuir i gcoinne rás na n-arm núicléach.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eilís O’Connell (2003). "Úlla agus Adaimh". Dáta rochtana: 2020.
  2. Eilis O'Connel (2003). "Ag Comóradh Ernest T.S. Walton 1903-95, Buaiteoir Dhuais Nobel". Dáta rochtana: 2020.
  3. McBrierty (2003). "“Ernest Thomas Sinton Walton 1903–1995, The Irish Scientist”". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
  4. Hussey, Matt (2011). "Ernest Thomas Sinton Walton". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 702.