Luasghéarú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ráta athraithe an treoluais in aghaidh an ama, is ea an luasghéarú. Ag pointe áirithe ar bith i gconair, tá méid an luasghéaraithe tugtha ag an ráta athraithe treoluais, ina mhéid agus ina dtreó, ag an bpointe sin. Tá an fíor luasghéarú ag an t-am t faighte san ón dteorainn mar an t-eatramh ama Δt → 0.

San Fhisic, ach go háirithe san chinéimitic, is ionann an téarma Luasghéarú agus an ráta athraithe treoluais in aghaidh an ama. Toisc gur chainníocht veicteoireach is ea treoluas, is féidir leis athrú i dhá slí: athrú méide agus /nó athrú i dtreo.


Tá foirmle ar fáil leis an chainníocht a oibriú amach mar atá:

Meán-luasghéarú = Athrú ar an treoluas / An fad ama


\mathbf{\bar{a}} = {\mathbf{v} - \mathbf{u} \over t}

Áit a bhfuil na siombail

a = An meán-luasghéarú
u = Treoluas tosaigh
v = Treoluas deiridh
t = in imeacht t soicind

Sé na haonaid a ghabhann le luasghéarú ná meadar san soicind nó ciliméadair san uair mar atá m/s agus km/h.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí