Ciorcad leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Má bhíonn foinse voltais ar fáil is má cheanglaítear seoltóir (nó friotóir) leictreach le dhá theirminéal na foinse, ritheann sruth leictreach amach as teirminéal amháin tríd an seoltóir agus ar ais isteach sa teirminéal eile den fhoinse. Taobh istigh den fhoinse feidhmíonn próiseas éigin chun fuinneamh a chur ar ais sna hiompróirí luchta, leictreoin den chuid is mó, chun iad a sholáthar arís go leanúnach ag an gcéad teirminéal. Rialaíonn dlí Ohm an sruth a ritheann sa seoltóir seachtrach, ar a dtugtar an fhriotaíocht de ghnáth. Tugtar ciorcad leictreach ar an gcóras iomlán seo, ina ritheann na hiompróirí luchta timpeall an t-am ar fad a bhíonn sé i bhfeidhm. I lúb ciorcaid a bhfuil sruth ag rith ann, de réir gach culóm luchta a ritheann timpeall an chiorcaid déanann an fhoinse voltais an oiread oibre istigh sa bhfoinse is a ídítear d'fhuinneamh sa chiorcad. Is féidir ciorcaid i bhfad níos casta a dhéanamh ina bhfuil friotóirí éagsúla i sraithcheangal nó treocheangal lena chéile, agus roinnt lúb sruthiompartha. Tugtar líonramogalra ar chiorcad ina bhfuil an-chuid lúb. Bíonn dlí Ohm bunúsach i ndearadh is láimhseáil ciorcad, mar sin, agus rialacha eile, dlíthe Kirchhoff, an-áisiúil chun na sruthanna is na cumhachtaí i ngach lúb a ríomh. Bíonn ciorcaid srutha dhírigh (SD) is srutha ailtéarnaigh (SA) ann, ag brath ar an saghas foinse voltais a úsáidtear chun sruth is cumhacht a sholáthar dó.