Dlí Ohm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ciorcad leictreach bunúsach. Brúnn an foinse voltais V, ar an gclé, sruth I timpeall an chiorcaid, ag seoladh fuinneamh leictreach go dtí an fhriotaíocht R. Ón bhfriotóir, filleann an sruth go dtí an foinse, ag críochnú an chiorcaid.

Maíonn dlí Ohm go bhfuil an sruth, i gciorcad leictreach, atá ag dul trí sheoltóir idir dhá phointe, i gcoibhneas díreach leis an difríocht poitéinsil (sé sin titim i voltas) trasna an dá phointe, agus i gcoibhneas inbhéartach leis an bhfriotaíocht eatarthu.

Is riail bhunúsach í i gcúrsaí srutha leictrigh. “Má bhíonn foinse voltais mar chill leictreach nó dineamó ann, agus má cheanglaítear ceann amháin de sheoltóir miotalach líneach le teirminéal dearfach na foinse, is an ceann eile leis an teirminéal diúltach, sreabhann sruth leictreach tríd an seoltóir. Is é an voltas a fheidhmíonn chun an sruth a bhrú chun tosaigh. Is é dlí Ohm go bhfuil an sruth díreach i gcomhréir leis an voltas idir cinn an tseoltóra, nó go bhfuil an cóimheas idir voltas (i voltais, V) is an sruth (in aimpéir, A) ina thairiseach” [1].

Tugtar an fhriotaíocht ar an gcóimheas thuas, agus is é an t-óm (n) a aonad. Más beag an fhriotaíocht is maith an seoltóir chun seolta leictrigh, agus más an-mhór an fhriotaíocht ní shreabhann oiread ar fiú trácht air de shruth.

Georg Ohm

Ainrnnítear an riail seo in onóir don eolaí Gearmánach Georg Ohm (1787-1854) a d'fhionn an ceangal I = V/R.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim, 2011)