Edward Lhuyd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba nádúraí, luibheolaí, theangeolaí, thíreolaí agus ársaitheoir Breatnach é Edward Lhuyd (foghraithe mar [ˈɬuɪd]; uaireanta litrithe mar Llwyd freisin) (166030 Meitheamh 1709).

Rugadh Lhuyd i Loppington, Shropshire, Sasana ar theorainn na Breataine Bige. Ba mhac tabhartha le hEdward Lloyd as Llandorda, Oswestry agus Bridget Pryse as Lann-ffraid, in aice le Tal-y-bont, Ceredigion é. Bhí sé ina mhac léinn agus níos deireanaí ina mháistir ar Scoil Ghramadaí Oswestry. Baill d’uaisle thiar theas na Breataine Bige a bhí ina mhuintir, agus cé gur dhaingnigh siad iad féin sa cheantar sin, ní raibh a theaghlach féin mórán de de mhaoin an tsaoil. Rinne a athair tástálacha le talmhaíocht agus tionscal, rud ba chúis lena bhaint le heolaíocht nua a linne. D’fhreastail sé ar scoil ghramadaí in Oswestry agus ar Choláiste Íosa, Áth na nDamh sa mbliain 1682, ach d’éirigh sé as sular bronnadh céim air. Sa mbliain 1684, ceapadh é ina chúntóir ag Robert Plot, coimeádaí Mhúsaem Ashmolean, agus cuireadh ina ionad mar choimeádaí é sa mbliain 1690 – post a bhí aige go dtí 1709.

Agus é ag obair do Mhúsaem Ashmolean, thaistil Lhuyd go fairsing. Tar éis dó cuairt a thabhairt ar Eryri (Béarla: Snowdonia) sa mbliain 1688, bhí sé in ann liosta fhlóra an cheantair a chruthú do Synopsis Methodica Stirpium Britannicorum le John Ray. I ndiaidh na bliana 1697, thug Lhuyd cuairt ar chuile chontae sa mBreatain Bheag agus ansin thaistil sé ar Albain, Éirinn, Chorn na Breataine, an mBriotáin agus Mhanainn. D’fhoilsigh sé Lithophylacii Britannici Ichnographia, catalóg na n-iontaisí a fuarthas in áiteanna timpeall Shasana, go háirithe in aice le hÁth na nDamh (agus atá i Múseam Ashmolean faoi láthair), le cúnamh airgeadais ó chara dá chuid Isaac Newton sa mbliain 1699. Ansin sa mbliain 1707, d’fhoilsigh sé an chéad imleabhar d’Archaeologia Britannica: an Account of the Languages, Histories and Customs of Great Britain, from Travels through Wales, Cornwall, Bas-Bretagne, Ireland and Scotland. B’fhear léinn Breatnach eile, Moses Williams, a chuidigh le Lhuyd leis an taighde a dhéanamh don saothar seo. Is foinse an-tábhachtach í an leabhar seo mar gheall ar an gcuntas teangeolaíochta ar an gCoirnis atá inti.

Rinne dream scoláirí, John Keigwin as Mousehole i gceannas orthu, teagmháil le Lhuyd go deireanach sa 17ú céad. Bhí siad ag iarraidh an Choirnis a chaomhnú agus a chur chun cinn agus ghlac Lhuyd leis an gcuireadh le dul go Corn na Breataine le staidéar a dhéanamh ar an teanga. Ba í an Nua-Choirnis Mhoch ábhar an staidéir a d’fhoilsigh sé sa mbliain 1702. Tá gramadach agus struchtúr na Nua-Choirnise Moiche i bhfad níos simplí ná mar a bhí sa meánaois.

Bhronn Ollscoil Átha na nDamh MA honoris causa ar Lhuyd sa mbliain 1701 agus toghadh é mar chomhalta den Chumann Ríoga in 1708. Fuair sé bás den phliúraisí in Áth na nDamh sa mbliain 1709.

Tugadh a ainm ar Lile na Wyddfa Lloydia serotina (Breatnais: Lili’r WyddfaBrwynddial y Mynydd; Béarla: Snowdon Lily; is é Yr Wyddfa an t-ainm Breatnaise ar an sliabh – gwyddfa (bain.) =feart, dumha) agus ar Chumann Náisiúnta Nádúraithe na Breataine Bige – Cymdeithas Edward Llwyd.

B’eisean a rinne an chéad chuntas eolaíoch agus a thug ainm ar rud ar a dtabharfaimis dineasár sa lá atá inniu ann: fiacail sárapóid Rutellum implicatum (Delair agus Sarjeant, 2002).

Naisc[athraigh | edit source]

  • Biography of Edward Lhuyd ó Chanolfan Edward Llwyd, ionad le haghaidh taighde eolaíochta trí Bhreatnais. (Béarla agus Breatnais)