Dúnmaonmhuí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dúnmaonmhuí
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Cork Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
2,328 
Airde: 65m
Contae: Contae Chorcaí
Cúige: An Mhumhain

Is baile mór é Dúnmaonmhuí as Gaeilge, (Dunmanway i mBéarla), atá suite i gcroílár Iarthar Chorcaí, timpeall 20 ciliméadar ón bhfarraige, ar an bpríomhbhóthar idir Corcaigh agus Beanntraí.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí an áit ar a dtugtar Dúnmaonmhuí inniu, suite i gcuid de chríocha Uí Eachaigh, treibh a shíolraigh ón Eoghanacht, a bhíodh i gceannas ar an áit ar a dtugtar Cúige Mumhan anois ar feadh na gcianta anallód. Sa bhliain 1254, briseadh ar threibh Mhic Mhathúna, an treibh ba chumhachtaí timpeall ar Dhúnmaonmhuí, agus ghlac clann Mhic Chárthaigh seilbh ar an áit. Tugadh MacCárthaigh ó Ghleann a' Chroim ar an treibh seo agus tógadh dhá chaisleán sa dúiche, ceann amháin i nDúnmaonmhuí féin agus ceann eile i dTóchar, tuairim is cúig chiliméadar ó thuaidh ó Dhúnmaonmhuí. Sa bhliain 1688, chaill Gleann a' Chroim a raibh acu agus ghlac William Arnopp, Robert Meade,Patrick Allen agus William Parker seilbh ar a dtailte.Bhí ré na nGael thart i nDúnmaonmhuí.

Risteard Mac Colgan.[athraigh | edit source]

Ba é Risteard Mac Colgan (no Richard Cox as Béarla) a bhunaigh an baile mór agus tugadh cead dó dhá aonach a eagrú ann, ceann amháin ar an 23ú Aibreáin agus an ceann eile ar an 15ú de Mhí na Samhna gach bliain. Neartaigh an baile mór go dtí go raibh caoga teaghlach lonnaithe ann faoin mbliain 1733. Thug Mac Colgan cead do Chaitlicigh cur fúthu sa bhaile mór, rud nár tharla i nDroichead na Bandan, a bhí faoi smacht ag Risteard Ó Baoill. Bhronn Liam Oráiste cairt bhaile ar an áit sa bhliain 1693 agus lonnaigh an-chuid fiadóirí línéadaigh ann.

An t-Ainm agus Logainmneacha na hÁite.[athraigh | edit source]

Níl a fhios ag éinne go beacht cad as ar tháinig an t-ainm. Maítear go bhfuair an baile mór a ainm ón sean-dún Spáinneach a deirtear a bhíodh ann fadó. Ciallaíonn Dúnmaonmhuí an dún do na mná buí, agus ceaptar gurbh iadsan na mná Spáinneacha. Tuairiscíonn daoine eile go gciallaíonn an t-ainm Dún na mBeann no Dún Mhahon Bhuí. Cé gur chúlaigh an Ghaeilge mar theanga labhartha mhuintir na háite sa 19ú céad, cloistear an teanga bheo fós i logainmneacha na háite mar,'magh, cnoc, gleann, carraig, áth, currach, ard, com, poll, loch, fán, muin díog, cluain, tóchar, gort, dair, páirc, droighean, coill, beith, cuileann, gabhal, dair, lios, dúinín, cathair, os, leaba, nead, fia, achadh, garrán.

An Baile Mór sa Lá atá Inniu Ann.[athraigh | edit source]

Is baile beag é sa lá atá inniu ann, (daonra 1,532, de réir an daonáirimh i 2,002) agus é suite ar Abhainn na Bandan atá ag sní go Cuan Chionn tSáile. Is beag forbairt thionsclaíoch atá san áit anois agus cailleadh breis is céad post nuair a dúnadh monarcha mhór sa bhliain 2,000.Tá fáil ar thrí ollmhargadh, trí eaglais, ceithre bhunscoil, pobalscoil amháin, leabharlann, linn snámha agus páirc pheile Sam Maguire sa bhaile mór. Bunaíodh nasc idir an baile mór agus Quéven sa Fhrainc sa bhliain 1988 agus déantar an-chuid teagmhála idir an dá áit ó shin i leith.

Somhairle Mag Uidhir nó Sam Maguire[athraigh | edit source]

Dealbh de Sam Maguire i lár na cearnóige i nDúnmaonmhuí

I measc na ndaoine cáiliúla gurbh as Dúnmaonmhui dóibh ó dhúchas, tá an laoch mór Sam Maguire, a bhfuil de chlú agus cáil air de bharr an choirn (peil Ghaelach) a bhronntar i bPáirc an Chrócaigh gach bliain. Rugadh é i Meall a' Bhreaca gar do Dhúnmaonmhui sa bhliain 1897.Bhí ceathrar deartháir agus beirt deirfiúr aige. Oileadh é sa Mhódhscoil i nDúnmaonmhuí agus ansin i scoil cháiliúil eile, darbh ainm Scoil an tSléibhe, in Ard Uí bhFicheallaigh in aice le Cloch na Coillte. D'oibrigh sé i Londain don Stáit Sheirbhís agus ghlac sé páirt ghníomhach sa Chumann Lúthchleas Gael ann. Ba phoblachtach go smior é agus fad is a bhí sé i Londain bhuail sé le Mícheál Ó Coileáin an laoch mór eile, a cailleadh i mBéal na mBláth sa bhliain 1922. Ghlac eitinn é agus cailleadh é i Meall a' Bhreaca ar an 6ú Feabhra 1927 Tá sé curtha i reilig Naomh Mhuire i lár an bhaile mhóir.

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Sam Maguire (2003) Margaret Walsh. Kenneigh Tower Publications.
  • Dunmanway Leabhar de chuid an chumainn stairiúla áitiúla.

Naisc Sheachtracha.[athraigh | edit source]