Corn Shomhairle Mhig Uidhir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Corn Sam Mhic Uidhir)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCorn Shomhairle Mhig Uidhir
Íomhá
Cineáltrófaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1928 - 
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Bronnta agCumann Lúthchleas Gael Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingaa.ie Cuir in eagar ar Wikidata


Duais spóirt Éireannach é Corn Shomhairle Mhig Uidhir, an duais is luachmhaire i bPeil Ghaelach. Bronntar an corn ar bhuaiteoirí Chraobh Peil Sinseareach na hÉireann, an príomhchomórtas sa spórt in Éirinn. Is é Cumann Lúthchleas Gael a eagraíonn an comórtas. Imrítear na cluichí i rith an tsamhraidh, agus bíonn an cluiche ceannais ar an 3ú nó 4ú Domhnach i mí Mheán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmníodh an corn i ndiaidh Sam Mac Uidhir (nó Somhairle Mag Uidhir, mar a ghlaoitear air uaireanta). Iar-pheileadóir ab ea é, a bhí an-ghníomhach leis an CLG i Londain agus in Éirinn. Tar éis a bháis sa bhliain 1928, bunaíodh coiste le Pat McCartan ina chathaoirleach chun airgid a bhailiú, agus cuimhneachán ceart a cheannach. Shocraigh siad corn a cheannach, agus é a thabhairt don CLG. Bhí an-áthas ar an CLG an corn nua a ghlacadh. £300 ab ea é an praghas ag am an. Bhí an corn nua bunaithe ar Chailís Ardach, agus b'iad Hopkins&Hopkins as Sráid Uí Chonaill na daoine a chruthaigh é.

B'é Cill Dara an chéad chontae a bhuaigh an Corn Sam Mhic Uidhir nua sa bhliain 1928, nuair a fuair siad an lámh in uachtar in éadan an Chabháin (2-6 go 2-5). Mhair an corn ar feadh seasca bliain, ach b'éigean don CLG corn nua, "Sam Óg", a chur ina áit sa bhliain 1988. B'é an Mhí an chéad chontae a ghlac Sam Óg.