Colaistéaról

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimiceán stéaróideach atá mar chomhpháirt in an-chuid bianna, go mór mór bianna saille. Má bhíonn tiúchan an cholaistéaróil i bhfuil duine ró-ard, is féidir go dtarlóidh deascadh taobh istigh de bhallaí na n-artairí a chúngaíonn is a stalcann iad, staid ar a dtugtar scléaróis artaireach. Tá dhá shaghas colaistéaróil ann: lipeapróitéin ard-dlúis (HDL), agus lipeapróitéin ísealdlúis (LDL). Meastar go gcuireann an lipeapróitéin ísealdlúis go mór leis an deascadh dochrach sna hartairí, agus go gcabhraíonn an lipeapróitéin ard-dlúis leis an gcolaistéaról a ghlanadh amach ó imshruthú na fola isteach san ae, ag laghdú priacal an ghalar croí. Má bhíonn duine cúramach bianna gan mórán saille sáithithe nó uibheacha a ithe, coimeádann sé sin tiúchan an cholaistéaróil san imshruthú sách íseal. Is é an ghnáth-thuiscint go bhfuil cóimheas idir LDL is HDL sa bhfuil níos lú ná 4.5 inmhianaithe, ach go bhfuil priacal galar croí thar an gcoiteann ann má bhíonn an cóimheas níos mó ná sin.