Caisiú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann beag síorghlas atá dúchasach do Mheiriceá Theas. Na duilleoga ubhchruthach ailtéarnach; na bláthanna i gcrobhaingí foirceannta, na peitil dearg caol cromtha; an gabhdán ramhar méith, piorra-chruthach nuair a bhíonn sé ag torthú is ag iompar an chnó chuartha. Saothraítear san Afraic is an Áise é ar son na gcnónna caisiú is na n-úll caisiú (na gabhdáin).