Alfalfa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Medicago sativa - harilik lutsern Keilas.jpg

Planda dosach ilbhliantúil a fhásann 90 cm ar airde. Na duilleoga le 3 dhuilleoigín atá leathan is fiaclach ag an mbarr. Pisbláthanna corcra nó gorma i mbláthraí dlútha spíceacha. An toradh i gcochall bíseach le 1½ lúb. Níl eolas ar a bhunús, ach is barr tábhachtach foráiste é anois a shaothraítear go forleathan i réigiúin mheasartha.