Cróch bréige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carthamus tinctorius

Planda bliantúil a fhásann suas le 1 m ar airde. Na duilleoga éilipseach le fiacla beaga imeallacha. Na bláthchinn cosúil le feochadáin, suas le 3 cm ar leithead, na bláthóga geal dearg/flannbhuí. Is dócha gur dúchasach d'iarthar na hÁise é, ach ní fhaightear fiáin a thuilleadh é. Á shaothrú leis na cianta, tráth mar phlanda datha, ach anois chun na síolta a tháirgeadh, a ndéantar ola luachmar trádála astu.