Práta Spáinneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda tiúbrach ilbhliantúil le gais dreaptha is rite. Na duilleoga ubhchruthach nó croíchruthach, na bláthanna mór corcra tonnadóirchruthach. Ní fios cérb as dó, ach níl sé ar fáil sa nádúr fiáin. Saothraítear an-chuid cineálacha ar fud na dtíortha teo mar bhia bunúsach. Is mícheart ionaim a thabhairt ar na tiúbair inite. Tá siad cosúil le prátaí móra, ach is féidir go mbeidh an bia bán, buí, dearg nó corcra, agus blas milis air.