Briathar-Ainmní-Cuspóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa tíopeolaíocht teangeolaíochta, is éard is teanga briathar-ainmní-cuspóirBAC (Béarla: verb-subject-object, nó VSO) ann ná teanga ina gcuirtear na heilimintí san ord seo i bhformhór na n-abairtí, mar a dhéantar i nGaeilge: “Itheann (briathar) Caoimhín (ainmní) arán (cuspóir)”. Seo é an tríú hord focal is coitianta i measc teangacha an domhain,[1] i ndiaidh ACB (mar atá san Hiondúis agus sa tSeapáinis) agus ABC (mar atá sa Bhéarla agus sa Mandairínis).

I measc na bhfinte teangacha a úsáideann an t-ord BAC tá:

Tá ord focal sách saor i go leor teangacha, mar shampla sa Ghréigis, agus tá BAC ar cheann de na hoird a fheictear iontu. I dteangacha eile, mar shampla Spáinnis agus Rómáinis, is féidir an t-ainmní agus an briathar a aisiompú, ach is é ABC an príomhord focal agus an t-ord is coitianta, agus dá bharr sin rangaítear iad mar theangacha ABC.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teangacha Seimíteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an t-ord BAC san Araibis Chaighdeánach:

يَقْرَأُ       ٱلْمُدَرِّسُ    ٱلْكِتابَ
yaqraʼu  l-mudarrisu   l-kitāba
léann    an múinteoir  an leabhar
briathar ainmní        cuspóir

 Mar an gcéanna in Eabhrais an Bhíobla, mar a fhaightear in Geineasas 1:1 agus i go leor véarsaí eile sa Sean-Tiomna:

בָּרָא אֱלֹהִים אֵת     הַשָּׁמַיִם
Bara        Elohim et ha-shamayim...
Chruthaigh  Dia    neamh
briathar    ainmní cuspóir

Teangacha Ceilteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Bhreatnais, úsáidtear briathra simplí in aimsirí áirithe, agus cuirtear na briathra seo ag tús na habairte. Mar shampla, san aimsir chaite:

Siaradodd  Aled   y Gymraeg
Labhair    Aled   an Bhreatnais
briathar   ainmní cuspóir

In aimsirí eile, baintear úsáid as an mbriathar bod (“bí”), ansin an t-ainmní, ainm briathartha, agus aon chuspóir atá ann. Mar shampla, san aimsir láithreach:

Mae      Aled    yn siarad        y Gymraeg
Tá       Aled    ag labhairt      na Breatnaise
briathar ainmní  ainm briathartha cuspóir

Ar ndóigh, is é BAC an príomhord focal sa Ghaeilge:

Itheann  Caoimhín arán
briathar ainmní  cuspóir

Fiú i gceisteanna, úsáidtear an t-ord céanna, agus mír cheisteach ar dtús:

An  itheann  tú      arán?
mír briathar ainmní  cuspóir

Tá an scéal níos casta sa Bhriotáinis. Meastar gurb é BAC an t-ord bunúsach sa teanga, ach ar an gcéad spléachadh is é SVO an t-ord is coitianta. Tarlaíonn sé seo mar thoradh ar phróiseas comhréire ina dtugtar an t-ainmní chun tosaigh, rud atá an-choitianta sna teangacha Ceilteacha. Tharla forbairt cosúil leis seo sa Mheán-Bhreatnais liteartha, ach níor mhair sé go dtí teanga an lae inniu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]