An Tagálaigis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Tagálaigis
wikang Tagalog

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais23,600,000 (2019)
Á labhairtLuzon
Dúchasach doNa hOileáin Fhilipíneacha
StáitNa hOileáin Fhilipíneacha
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Astrál-Téacha
teangacha Astrainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha
Philippine (en) Aistrigh
Greater Central Philippine (en) Aistrigh
Central Philippine (en) Aistrigh
Tagalogic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, Filipino alphabet (en) Aistrigh, Abakada alphabet (en) Aistrigh, Philippine Braille (en) Aistrigh agus baybayin (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1tl
ISO 639-2tgl
ISO 639-3tgl
Glottologtaga1269
Linguasphere31-CKA-a
Ethnologuetgl
ASCL6511
IETFtl

Is í an Tagálaigis an teanga is tábhachtaí sna hOileáin Fhilipíneacha, agus is ceann de na teangacha Astrainéiseacha í. Baineann sí leis an bhfoghrúpa ar a dtugtar na teangacha Malae-Pholainéiseacha, leis an bhfobhrainse lárnach de na teangacha Filipíneacha. Tá sí ó dhúchas ag 22 mhilliún duine, ach ós rud é go bhfoghlaimíonn cainteoirí na dteangacha Filipíneacha eile ar scoil í, is féidir a mhaíomh gur fánach duine ina chónaí sna hOileáin Fhilipíneacha nach mbeadh an cúpla focal aige, ar a laghad.

Fuair an teanga a hainm ó na focail a chiallaíonn "muintir na habhann" nó "na daoine a bhfuil cónaí orthu cois na habhann" sa teanga féin. Tá cónaí ar na Tagálagaigh, a labhraíonn canúintí Tagálaigise ó dhúchas, i lár agus i ndeisceart Oileán Luzon agus sna hoileáin bheaga máguaird. Is gnách "Katagalugan" - tír na Tagálaigise, nó tír na dTagalagach - a thabhairt ar an gceantar seo ar fad.

Deir bunreacht na nOileán Filipíneach gurb iad an Béarla agus an teanga "Filipino" nó an Fhilipínis na teangacha oifigiúla sa tír. Tá sé ina ábhar conspóide céard is "Filipino" nó Filipínis ann, mar theanga. Go praiticiúil, is ionann í agus an Tagálaigis, ós rud é gurb í an Tagálaigis chaighdeánaithe a mhúintear sna scoileanna mar "Fhilipínis". Glactar leis go coitianta gurb ionann an Fhilipínis agus an Tagálaigis mar a labhraíonn muintir na príomhchathrach í - beag beann ar cé acu cainteoirí dúchais iad nó nach ea. Bíonn an leagan seo den Tagálaigis breac le hiasachtaí Béarla agus le focail a tháinig isteach ó theangacha eile na nOileán, ach ní drochrud é dar le go leor Filipínigh, ó dhéanann an fhorbairt seo an Tagálaigis níos intuigthe ag na cainteoirí neamhdhúchais.

Is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear leis an Tagálaigis a scríobh ar na saolta seo. Bhí córas scríbhneoireachta dá gcuid féin ag lucht labhartha na Tagálaigise tráth, áfach, aibítir ar a dtugtar Babayin. Bhí an aibítir seo in úsáid go deireadh na naoú haoise déag, in éineacht leis an aibítir Laidineach.

Ba í an chéad leabhar a scríobhadh sa teanga ná Doctrina Cristiana, nó an Teagasc Críostaí, sa bhliain 1593. Bhí an téacs le léamh as Spáinnis agus sa dá aibítir as Tagálaigis, idir Babayin agus an aibítir Laidineach.

Foclóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeilge Tagálaigis
Dia dhuit! Kumusta*
Éire Irlanda*
Na hOileáin Fhilipíneacha Pilipinas*
Meiriceá Estados Unidos*
Spáinn Espanya*
Domhain Mundo* nó Daigdig
Uisce Tubig
Leabhar Libro*
Scoil Eskuwela*
Bríste Pantalon*
Bróga Sapatos*
Carbhat Kurbata*
Teach Bahay
Cistin Kusina*
Buachaill Lalake
Cailín Babae
Is maith liom... Gusto* ko...
An féidir liom... Puwede...*
Eanáir Enero*
Feabhra Pebrero*
Marta Marso*
Aibreán Abril*
Bealtaine Mayo*
Meitheamh Hunyo*
Iúil Hulyo*
Lúnasa Agosto*
Mean Fomhair Setyiembre*
Deireadh Fomhair Otubre*
Samhain Nobiyembre*
Nollaig Desiyembre*

Taispeánann * na focail a fuair an teanga ón Spáinnis. Mar a fheictear, bíonn iasachtaí Spáinnise an-choitianta sa stór focal is bunúsaí féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]