An Haváis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Haváis
‘Ōlelo Hawai‘i agus ’Olelo Hawai’i

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais27,200 (2000)
Dúchasach doHaváí
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Astrál-Téacha
teangacha Astrainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha núicléacha
Central-Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
teangacha Aigéanacha
Central–Eastern Oceanic (en) Aistrigh
teangacha an Aigéin Chiúin Láir
teangacha Polainéiseacha
teangacha Polainéiseacha núicléacha
teangacha Polainéiseacha Oirthearacha
Marquesic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaHawaiian alphabet (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta5 critically endangered (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2haw
ISO 639-3haw
Glottologhawa1245
Linguasphere39-CAQ-e
Ethnologuehaw
UNESCO712
IETFhaw
Endangered languages125

Is teanga Astrainéiseach í an Haváis (‘Ōlelo Hawai‘i). Tá stádas na teanga oifigiúla aici i Stát Haváí sna Stáit Aontaithe, chomh maith leis an mBéarla.

Idir na 1830idí - na 1950idí, chuaigh an Béarla in áit na Haváise ar sé cinn de na seacht n-oileán. Faoi láthair, níl sí ó dhúchas ach ag 0.1% de mhuintir an stáit. Cúis iontais é go bhfuil an Haváis beagnach imithe inniu, cé go raibh sí ina teanga láidir chultúrtha sa 19ú haois - le fírinne, is féidir meath na Haváise a chur i gcomparáid le himeacht na Gaeilge.

New Pocket Hawaiian Dictionary, 1992
Lorrin Andrews, A Dictionary of the Hawaiian language, 1865

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

1867

Ceann de na teangacha Polainéiseacha í an Haváis, agus mar sin, tá sí gaolmhar leis an Maorais, leis an teanga Rapa Nui agus lena lán teangacha dá labhraítear timpeall an Aigéin Chiúin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorbair na misinéirí Críostaí ó na Stáit Aontaithe caighdeán scríofa don Haváis sna 1820idí, agus d'éirigh scríbhneoireacht agus léitheoireacht coitianta sa teanga.

Ach go gairid ina dhiaidh sin, ar chúiseanna éagsúla, tháinig laghdú mór ar líon chainteoirí dúchais na Haváise ó na 1830idí go dtí na 1950idí. Sa naoú haois déag, tháinig na sluaite de dhaoine go dtí Oileáin Haváí nach raibh ach Béarla acu mar theanga comhchumarsáide, agus iad ar nós cuma liom i leith theanga dhúchasach na n-oileán.

Bunaíodh scoileanna Béarla sna hoileáin nuair a shealbhaigh na Stáit Aontaithe iad sa 19ú haois,[1] agus gur theastaigh ó mhuintir dhúchasach Haváí féachaint chuige go mbeadh Béarla maith ag a gclann, le go mbeadh oideachas maith orthu. Mar sin, de réir a chéile ní raibh aon duine sásta a chlann a chur sna scoileanna Haváise, agus sa deireadh thiar, dúnadh iad in éagmhais daltaí.

Chosc an rialtas an teanga scun scan le dlí a chuaigh ar leabhar na reacht sa bhliain 1896. Le bheith beacht, níor chuir an dlí seo cosc leis an teanga sa tsochaí fré chéile, ach d'fhoráil sé go gcaithfeadh gach scoil tús áit a thabhairt don Bhéarla mar theanga theagaisc, le haitheantas a fháil ó údaráis oideachais an rialtais.

Athbheochan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón mbliain 1949 anuas, thosaigh muintir an stáit ag cur suime sa tseanteanga arís, agus í á saothrú agus á teagasc dá réir.

Is é Haváí an t-aon stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá ina bhfuil stádas oifigiúil stáit ag teanga dhúchais, rud a baineadh amach sa bhliain 1978.

Sa bhliain 1984, cuireadh tús le naíonraí poiblí Haváise, Pūnana Leo, le tumoideachas a thabhairt do na páistí sa teanga. Bunaíodh scoileanna tumoideachais eile ina dhiaidh sin.

An teanga inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inniu, ní mhaireann an Haváis beo bríomhar ach in Oileán Ni'ihau. Maoin phríobháideach é an t-oileán, ach tá dearcadh cairdiúil ag na húinéirí ar an teanga, agus na bundúchasaigh a bhfuil cónaí orthu i Ni'ihau, is í an Haváis a dteanga dhúchais, agus caithfidh siad an Béarla a fhoghlaim ar scoil. Sna hoileáin eile, áfach, ní chasfaí ach an corrdhuine ort a mbeadh an Haváis ó dhúchas aige. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag dhá chéad duine ar fad, an chuid is mó acu ina gcónaí i Ni'ihau. Tá sí foghlamtha ag dhá mhíle duine eile, áfach, de bharr na n-iarrachtaí athbheochana.

Tumoideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cláir tumoideachais réamhscolaíochta (Aha Punana Leo) agus bunscolaíochta (Ke Kula Kaiapuni) i bhfeidhm in Haváí, go príomha ar mhaithe leis an Haváis a chur chun cinn agus cuirtear an-bhéim ar chultúr, thraidisiúin agus fhealsúnacht dhúchasach Haváí sna múnlaí oideachais seo.[2]

Sa bhliain 2008, bhí thart ar 1,500 dalta Papahana Kaiapuni cláraithe i 19 suíomh K-12 ar fud na n-oileán (Hawai’i State Department of Education, 2008). Roinneann ar a laghad 15 scoil as an bhfigiúr seo a suíomh scoile le scoil phríomhshrutha Béarla.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The 1897 Petition Against the Annexation of Hawaii" (en). National Archives (2016-08-15). Dáta rochtana: 2023-08-11.
  2. 2.0 2.1 COGG / An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015). "Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta". Dáta rochtana: 2023.