Teangacha Malae-Pholainéiseacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fine teangacha iad na teangacha Malae-Pholainéiseacha a labhraítear ar fud na hAigéine agus in Oir-Dheisceart na hÁise. Sa chiall is cruinne, ní fine teangacha neamhspleách iad ach cuid d'fhine na dteangacha Astrainéiseacha, ach le fírinne, tá an chuid eile de na teangacha Astrainéiseacha á labhairt in oileán na Téaváine, nó ba as an Téaváin a chuaigh an fhine teangacha seo ar fud na hAigéine.

Baineann na teangacha seo an-úsáid as an eamhnú mar chuid den chóras gramadaí, cf. wiki-wiki na Haváíse a chiallaíonn "go luath ar fad" - is é wiki an focal Haváíse ar "luath, gasta". (As an bhfocal seo a fuair an Vicipéid a hainm.) Bíonn siad simplí ó thaobh na foghraíochta de - ní bhíonn siad saibhir i gconsain ná i ngutaí, agus ní cheadaíonn siad comhcheangail chonsan ar nós [str] nó [mpt].

Roinntear na teangacha seo ina dhá bpríomhghrúpa: na teangacha Súlú-Fhilipíneacha agus na teangacha Indi-Mheilinéiseacha. Aithnítear dhá fhochraobh i ngach ceann acu.

[athraigh] Na teangacha Súlú-Fhilipíneacha

Sa ghrúpa seo, tá dhá fhoghrúpa, mar atá, na teangacha Filipíneacha agus na teangacha Sama-Bajaw. Grúpa beag iad na teangacha Sama-Bajaw a labhraítear sna hoileáin bheaga idir na hOileáin Fhilipíneacha agus Boirneo. Maidir leis na teangacha Filipíneacha, is í an Tagálaigis an ceann is tábhachtaí acu, nó is í teanga oifigiúil na nOileán Filipíneach í. Thairis sin, áfach, tá cuid mhór teangacha móra á labhairt in oileáin éagsúla Fhilipíneacha, cosúil leis an teanga Cebuano, an teanga Ilocano, an teanga Hiligaynon, an teanga Bikolano agus an teanga Waray-Waray.

[athraigh] Na teangacha Indi-Mheilinéiseacha

Tá dhá chraobh sa ghrúpa seo freisin, mar atá, na teangacha Boirneacha agus na teangacha Malae-Pholainéiseacha sa chiall chúng. Is í an Mhalagáisis, teanga dhúchais mhuintir Mhadagascar, an ceann is mó de na teangacha Boirneacha. Maidir leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha Núicléacha - na teangacha Malae-Pholainéiseacha sa chiall chúng - is orthu a airítear an Mhaorais, an Haváís, an Indinéisis agus an Mhalaeis, mar shampla. (Is ionann iad, beagnach, an Indinéisis agus an Mhalaeis.)

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile